+Airteagal 2 5.

Airteagal 2 5.

Sna cásanna seo a leanas, féadfar cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a theorannú nó a eisiamh maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le rialacha eile de chuid an Aontais lena leagtar síos ceanglais lena dtugtar aghaidh ar na rioscaí uile nó ar chuid de na rioscaí a chumhdaítear leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I:

(a) 

tá teorannú nó eisiamh den sórt sin comhsheasmhach leis an gcreat rialála foriomlán a bhfuil feidhm aige maidir leis na táirgí sin; agus

(b) 

leis na rialacha earnála, baintear amach an leibhéal céanna cosanta nó leibhéal níos airde cosanta i gcomparáid leis an leibhéal cosanta dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, trína shonrú cé acu atá nó nach bhfuil gá leis an teorannú nó leis an eisiamh agus trí na táirgí agus na rialacha lena mbaineann a shonrú, chomh maith le raon feidhme an teorannaithe, más ábhartha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas