+Airteagal 2 Raon feidhme
---+Airteagal 2 1.
---+Airteagal 2 2.
---+Airteagal 2 3.
---+Airteagal 2 4.
---+Airteagal 2 5.
---+Airteagal 2 6.
---+Airteagal 2 7.
---+Airteagal 2 8.
|
Airteagal 2 Raon feidhme
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 1.
|
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chuirtear ar fáil ar an margadh, agus a n-áirítear leis an gcríoch a beartaíodh nó an úsáid atá intuartha le réasún dóibh nasc sonraí loighciúil nó fisiceach, bíodh an nasc sin díreach nó indíreach, le gléas nó le líonra.
|
|
Airteagal 2 2.
|
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil feidhm ag na gníomhartha dlí de chuid an Aontais seo a leanas maidir leo:
(c)
Rialachán (AE) 2019/2144.
|
|
Airteagal 2 3.
|
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a deimhníodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139.
|
|
Airteagal 2 4.
|
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le trealamh a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
).
|
|
Airteagal 2 5.
|
Sna cásanna seo a leanas, féadfar cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a theorannú nó a eisiamh maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le rialacha eile de chuid an Aontais lena leagtar síos ceanglais lena dtugtar aghaidh ar na rioscaí uile nó ar chuid de na rioscaí a chumhdaítear leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I:
(a)
tá teorannú nó eisiamh den sórt sin comhsheasmhach leis an gcreat rialála foriomlán a bhfuil feidhm aige maidir leis na táirgí sin; agus
(b)
leis na rialacha earnála, baintear amach an leibhéal céanna cosanta nó leibhéal níos airde cosanta i gcomparáid leis an leibhéal cosanta dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, trína shonrú cé acu atá nó nach bhfuil gá leis an teorannú nó leis an eisiamh agus trí na táirgí agus na rialacha lena mbaineann a shonrú, chomh maith le raon feidhme an teorannaithe, más ábhartha.
|
|
Airteagal 2 6.
|
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le páirteanna spártha a chuirtear ar fáil ar an margadh chun comhpháirteanna comhionanna i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a ionadú agus a mhonaraítear de réir na sonraíochtaí céanna leis na comhpháirteanna a bhfuil sé beartaithe iad a ionadú.
|
|
Airteagal 2 7.
|
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a forbraíodh nó a modhnaíodh go heisiach chun críoch slándála náisiúnta nó chun críoch cosanta náisiúnta, ná níl feidhm aige maidir le táirgí a dearadh go sonrach chun faisnéis rúnaicmithe a phróiseáil.
|
|
Airteagal 2 8.
|
Ní bheidh sé i gceist leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo faisnéis a sholáthar, a bheadh ag teacht salach ar leasanna bunúsacha maidir le slándáil náisiúnta, slándáil phoiblí nó cosaint na mBallstát dá nochtfaí í.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|