|
+Airteagal 14 7. |
Airteagal 14 7.Cuirfear na fógraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo isteach tríd an ardán tuairiscithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 16 agus úsáid á baint as ceann de na críochphointí fógartha leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 16(1). Cuirfear an fógra isteach trí úsáid a bhaint as críochphointe fógartha leictreonach an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir de chuid an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht na monaróirí san Aontas agus beidh rochtain ag ENISA air an tráth céanna. Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur sa Bhallstát ina ndéantar na cinntí a bhaineann le cibearshlándáil a tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha den chuid is mó atá príomhbhunaíocht mhonaróra san Aontas. Mura féidir an Ballstát sin a chinneadh, measfar go bhfuil an phríomhbhunaíocht sa Bhallstát ina bhfuil an bhunaíocht ina bhfuil an líon is airde fostaithe san Aontas ag an monaróir lena mbaineann. I gcás nach bhfuil aon phríomhbhunaíocht ag monaróir san Aontas, cuirfidh sé na fógraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 isteach trí úsáid a bhaint as críochphointe fógartha leictreonach an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir sa Bhallstát arna chinneadh de bhun an oird seo a leanas agus bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don mhonaróir:
(a)
an Ballstát ina bhfuil an t-ionadaí údaraithe, atá ag gníomhú thar ceann an mhonaróra don líon is airde táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha de chuid an mhonaróra sin, bunaithe;
(b)
an Ballstát ina bhfuil an t-allmhaireoir, a chuireann an líon is airde táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha de chuid an mhonaróra sin ar an margadh, bunaithe;
(c)
an Ballstát ina bhfuil an dáileoir, a chuireann an líon is airde táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha de chuid an mhonaróra sin ar fáil ar an margadh, bunaithe;
(d)
an Ballstát ina bhfuil an líon is airde úsáideoirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha de chuid an mhonaróra sin lonnaithe. I ndáil leis an tríú fomhír, pointe (d), féadfaidh monaróir fógraí a bhaineann le haon leochaileacht a shaothraítear go gníomhach nó le haon teagmhas tromchúiseach a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ina dhiaidh sin a chur faoi bhráid an CSIRT céanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoir ar thuairiscigh sé dó den chéad uair. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|