|
+Airteagal 32 1. |
Airteagal 32 1.Déanfaidh an monaróir measúnú comhréireachta ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar na próisis arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir chun a chinneadh cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Léireoidh an monaróir comhréireacht leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha trí úsáid a bhaint as aon cheann de na nósanna imeachta seo a leanas:
(a)
an nós imeachta um rialú inmheánach (bunaithe ar mhodúl A) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII;
(b)
an nós imeachta um chineálscrúdú AE (bunaithe ar mhodúl B) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, agus ina dhiaidh sin, comhréireacht le cineál AE bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe (bunaithe ar mhodúl C) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII;
(c)
measúnú comhréireachta bunaithe ar dhearbhú cáilíochta iomlán (bunaithe ar mhodúl H) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII; nó
(d)
i gcás ina bhfuil sí ar fáil agus inarb infheidhme, scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála de bhun Airteagal 27(9). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|