+Airteagal 39 6.

Airteagal 39 6.

Beidh sé ar chumas comhlachta um measúnú comhréireachta na cúraimí um measúnú comhréireachta uile dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII agus ar tugadh fógra dó ina leith a chur i gcrích, gan beann ar cé acu an é an comhlacht um measúnú comhréireachta féin a chuireann na cúraimí sin i gcrích nó an é go gcuirtear i gcrích thar a cheann agus faoina fhreagracht iad.

I gcás gach nós imeachta um measúnú comhréireachta agus gach cineáil nó catagóire táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar tugadh fógra don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith, beidh fáil ag an gcomhlacht i gcónaí ar na nithe riachtanacha seo a leanas:

(a) 

pearsanra ag a bhfuil an t-eolas teicniúil is gá agus taithí leordhóthanach iomchuí chun na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích;

(b) 

tuairiscí ar na nósanna imeachta ar i gcomhréir leo a dhéantar an measúnú comhréireachta atá le cur i gcrích, lena n-áirithítear trédhearcacht na nósanna imeachta sin agus an cumas i dtaobh iad a atáirgeadh. Beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm aige lena ndéantar idirdhealú idir na cúraimí a dhéanann sé mar chomhlacht faoina dtugtar fógra agus na gníomhaíochtaí eile a dhéanann sé;

(c) 

na nósanna imeachta sin a bhaineann le gníomhaíochtaí a chur i gcrích lena dtugtar aird chuí ar mhéid an ghnóthais, an earnáil ina bhfuil sé ag feidhmiú, a struchtúr, castacht theicneolaíocht an táirge atá i dtrácht agus mais nó cineál srathach an phróisis táirgthe.

Beidh na hacmhainní is gá ag comhlacht um measúnú comhréireachta chun na cúraimí teicniúla agus na cúraimí riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a fheidhmiú ar shlí iomchuí agus beidh rochtain aige ar an trealamh nó ar na saoráidí uile is gá.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas