+Airteagal 39 Na ceanglais a bhaineann le comhlachtaí faoina dtugtar fógra
---+Airteagal 39 1.
---+Airteagal 39 2.
---+Airteagal 39 3.
---+Airteagal 39 4.
---+Airteagal 39 5.
---+Airteagal 39 6.
---+Airteagal 39 7.
---+Airteagal 39 8.
---+Airteagal 39 9.
---+Airteagal 39 10.
---+Airteagal 39 11.
---+Airteagal 39 12.
|
Airteagal 39 Na ceanglais a bhaineann le comhlachtaí faoina dtugtar fógra
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 39 1.
|
Chun fógra a thabhairt, comhlíonfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 go 12.
|
|
Airteagal 39 2.
|
Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta faoin dlí náisiúnta agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.
|
|
Airteagal 39 3.
|
Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí atá neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar a ndéanann sé measúnú. Maidir le comhlacht ar le comhlachas gnó nó cónaidhm phroifisiúnta é a dhéanann ionadaíocht ar ghnóthais a bhfuil baint acu le dearadh, forbairt, táirgeadh, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ar a ndéanann sé measúnú, féadfar a mheas gur comhlacht tríú páirtí den sórt sin é ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa i gceist leis.
|
|
Airteagal 39 4.
|
Ní dearthóir, forbróir, monaróir, soláthróir, allmhaireoir, dáileoir, suiteálaí, ceannaitheoir, úinéir, úsáideoir ná cothabhálaí na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a ndéanann siad measúnú orthu, ná ionadaí údaraithe ar aon pháirtí de na páirtithe sin, a bheidh sa chomhlacht um measúnú comhréireachta, in ardbhainistíocht an chomhlachta sin ná sa phearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh. Ní choiscfear leis sin an úsáid a bhaintear as táirgí a ndearnadh measúnú orthu a bhfuil gá leo le haghaidh oibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta ná úsáid na dtáirgí sin chun críoch pearsanta. Maidir le comhlacht um measúnú comhréireachta, a ardbhainistíocht agus an pearsanra atá freagrach as cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta a chur i gcrích, ní bheidh baint dhíreach acu le dearadh, forbairt, táirgeadh, allmhairiú, dáileadh, margú, suiteáil, úsáid ná cothabháil na dtáirgí sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha a ndéanann siad measúnú orthu, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar pháirtithe a ghabhann do na gníomhaíochtaí sin. Ní ghabhfaidh siad d’aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le neamhspleáchas a mbreithiúnais ná a n-ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dtugtar fógra dóibh ina leith. Beidh feidhm aige seo go háirithe i leith seirbhísí sainchomhairleoireachta. Áiritheoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí ná a bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, d’oibiachtúlacht ná do neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta féin.
|
|
Airteagal 39 5.
|
Déanfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a bpearsanra na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích de réir an leibhéil is airde ionracais ghairmiúil agus beidh an inniúlacht theicniúil is gá sa réimse sonrach acu agus beidh siad saor ó gach brú agus aslach, go háirithe brú agus aslach de chineál airgeadais, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, go háirithe a mhéid a bhaineann le daoine nó grúpaí daoine ag a bhfuil leas i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.
|
|
Airteagal 39 6.
|
Beidh sé ar chumas comhlachta um measúnú comhréireachta na cúraimí um measúnú comhréireachta uile dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII agus ar tugadh fógra dó ina leith a chur i gcrích, gan beann ar cé acu an é an comhlacht um measúnú comhréireachta féin a chuireann na cúraimí sin i gcrích nó an é go gcuirtear i gcrích thar a cheann agus faoina fhreagracht iad. I gcás gach nós imeachta um measúnú comhréireachta agus gach cineáil nó catagóire táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar tugadh fógra don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith, beidh fáil ag an gcomhlacht i gcónaí ar na nithe riachtanacha seo a leanas:
(a)
pearsanra ag a bhfuil an t-eolas teicniúil is gá agus taithí leordhóthanach iomchuí chun na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích;
(b)
tuairiscí ar na nósanna imeachta ar i gcomhréir leo a dhéantar an measúnú comhréireachta atá le cur i gcrích, lena n-áirithítear trédhearcacht na nósanna imeachta sin agus an cumas i dtaobh iad a atáirgeadh. Beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm aige lena ndéantar idirdhealú idir na cúraimí a dhéanann sé mar chomhlacht faoina dtugtar fógra agus na gníomhaíochtaí eile a dhéanann sé;
(c)
na nósanna imeachta sin a bhaineann le gníomhaíochtaí a chur i gcrích lena dtugtar aird chuí ar mhéid an ghnóthais, an earnáil ina bhfuil sé ag feidhmiú, a struchtúr, castacht theicneolaíocht an táirge atá i dtrácht agus mais nó cineál srathach an phróisis táirgthe.
Beidh na hacmhainní is gá ag comhlacht um measúnú comhréireachta chun na cúraimí teicniúla agus na cúraimí riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a fheidhmiú ar shlí iomchuí agus beidh rochtain aige ar an trealamh nó ar na saoráidí uile is gá.
|
|
Airteagal 39 7.
|
Beidh an méid seo a leanas ag an bpearsanra atá freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireacha a chur i gcrích:
(a)
oiliúint fhónta theicniúil agus ghairmiúil a chumhdaíonn na gníomhaíochtaí uile um measúnú comhréireachta a bhfuil fógra tugtha don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith;
(b)
eolas sásúil ar na ceanglais a bhíonn i gceist sna measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leormhaith chun na measúnuithe sin a dhéanamh;
(c)
eolas agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ar na caighdeáin chomhchuibhithe agus sonraíochtaí coiteanna is infheidhme, agus ar fhorálacha ábhartha reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus a ghníomhartha cur chun feidhme;
(d)
an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a dhréachtú lena léirítear gur cuireadh measúnuithe i gcrích.
|
|
Airteagal 39 8.
|
Ráthófar neamhchlaontacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta, a n-ardbhainistíochta, agus an phearsanra measúnúcháin. Ní bheidh luach saothair ardbhainistíocht agus phearsanra measúnúcháin an chomhlachta um measúnú comhréireachta ag brath ar líon na measúnuithe a chuirtear i gcrích ná ar thorthaí na measúnuithe sin.
|
|
Airteagal 39 9.
|
Beidh árachas dliteanais ag comhlachtaí um measúnú comhréireachta mura rud é go nglacann a mBallstát an dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó gurb é an Ballstát féin atá freagrach as an measúnú comhréireachta.
|
|
Airteagal 39 10.
|
Urramóidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu faoi Iarscríbhinn VIII nó faoi aon fhoráil de chuid an dlí náisiúnta lena dtugtar éifeacht dó sin, ach amháin i ndáil le húdaráis um fhaireachas margaidh an Bhallstáit ina ndéantar a ghníomhaíochtaí. Déanfar na cearta dílseánaigh a chosaint. Beidh nósanna imeachta doiciméadaithe ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena n-áiritheofar comhlíonadh na míre seo.
|
|
Airteagal 39 11.
|
Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta rannpháirteach sna gníomhaíochtaí caighdeánaithe ábhartha agus i ngníomhaíochtaí ghrúpa comhordúcháin an chomhlachta faoina dtugtar fógra a bhunaítear faoi Airteagal 51, nó áiritheoidh siad go bhfuil a bpearsanra measúnúcháin ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí sin, agus cuirfidh siad i bhfeidhm, mar threoraíocht ghinearálta, na cinntí agus na doiciméid riaracháin arna gcur i dtoll a chéile mar thoradh ar obair an ghrúpa sin.
|
|
Airteagal 39 12.
|
Oibreoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le tacar téarmaí agus coinníollacha a bheidh comhsheasmhach, cothrom, comhréireach agus réasúnach, agus ualach nach bhfuil gá leis ar oibreoirí eacnamaíocha á sheachaint acu, go háirithe agus leasanna micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide i ndáil le táillí á gcur i gcuntas acu.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|