+Airteagal 58 1

Airteagal 58 1

1.   Faoin 17 Eanáir 2028, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le ÚMEnna agus BERS, de réir mar is iomchuí, athbhreithniú agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach. Áireofar san athbhreithniú an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

na critéir chun soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 31(2);

(b)

cineál deonach an fhógra ar chibearbhagairtí suntasacha dá dtagraítear in Airteagal 19;

(c)

an córas dá dtagraítear in Airteagal 31(12) agus cumhachtaí an Phríomh-Fhormhaoirseora dá bhforáiltear in Airteagal 35(1), pointe (d), pointe (iv), an chéad fhleasc, d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na bhforálacha sin maidir le formhaoirseacht éifeachtach a áirithiú ar sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla atá bunaithe i dtríú tír, agus ar an ngá atá ann fochuideachta a bhunú san Aontas.

Chun críocha na chéad fhomhíre den phointe seo, áireofar san athbhreithniú anailís ar an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 31(12), lena n-áirítear i dtéarmaí rochtana d’eintitis airgeadais an Aontais ar sheirbhísí ó thríú tíortha agus infhaighteacht seirbhísí den sórt sin ar mhargadh an Aontais agus cuirfear san áireamh ann forbairtí breise sna margaí le haghaidh na seirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, taithí phraiticiúil na n-eintiteas airgeadais agus na maoirseoirí airgeadais maidir leis an gcóras sin a chur i bhfeidhm agus maoirseacht a dhéanamh air, faoi seach, agus aon fhorbairtí rialála agus maoirseachta ábhartha a tharlaíonn ar an leibhéal idirnáisiúnta.

(d)

a iomchuí atá sé eintitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2(3), pointe (e), a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo, agus úsáid á baint as córais díolachán uathoibrithe, i bhfianaise forbairtí sa mhargadh amach anseo maidir le húsáid córas den sórt sin;

(e)

feidhmiú agus éifeachtacht JON ó thaobh tacú le comhsheasmhacht na maoirseachta agus éifeachtúlacht an mhalartaithe faisnéise laistigh den Chreat Formhaoirseachta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas