+Airteagal 58 Clásal athbhreithnithe
---+Airteagal 58 1
---+Airteagal 58 2
---+Airteagal 58 3
|
Airteagal 58 Clásal athbhreithnithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 58 1
|
1. Faoin 17 Eanáir 2028, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le ÚMEnna agus BERS, de réir mar is iomchuí, athbhreithniú agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach. Áireofar san athbhreithniú an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a)
|
na critéir chun soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 31(2);
|
|
(b)
|
cineál deonach an fhógra ar chibearbhagairtí suntasacha dá dtagraítear in Airteagal 19;
|
|
(c)
|
an córas dá dtagraítear in Airteagal 31(12) agus cumhachtaí an Phríomh-Fhormhaoirseora dá bhforáiltear in Airteagal 35(1), pointe (d), pointe (iv), an chéad fhleasc, d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na bhforálacha sin maidir le formhaoirseacht éifeachtach a áirithiú ar sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla atá bunaithe i dtríú tír, agus ar an ngá atá ann fochuideachta a bhunú san Aontas.
Chun críocha na chéad fhomhíre den phointe seo, áireofar san athbhreithniú anailís ar an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 31(12), lena n-áirítear i dtéarmaí rochtana d’eintitis airgeadais an Aontais ar sheirbhísí ó thríú tíortha agus infhaighteacht seirbhísí den sórt sin ar mhargadh an Aontais agus cuirfear san áireamh ann forbairtí breise sna margaí le haghaidh na seirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, taithí phraiticiúil na n-eintiteas airgeadais agus na maoirseoirí airgeadais maidir leis an gcóras sin a chur i bhfeidhm agus maoirseacht a dhéanamh air, faoi seach, agus aon fhorbairtí rialála agus maoirseachta ábhartha a tharlaíonn ar an leibhéal idirnáisiúnta.
|
|
(d)
|
a iomchuí atá sé eintitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2(3), pointe (e), a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo, agus úsáid á baint as córais díolachán uathoibrithe, i bhfianaise forbairtí sa mhargadh amach anseo maidir le húsáid córas den sórt sin;
|
|
(e)
|
feidhmiú agus éifeachtacht JON ó thaobh tacú le comhsheasmhacht na maoirseachta agus éifeachtúlacht an mhalartaithe faisnéise laistigh den Chreat Formhaoirseachta.
|
|
|
Airteagal 58 2
|
2. I gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Threoir (AE) 2015/2366, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le cibear-athléimneacht mhéadaithe i gcórais íocaíochta agus gníomhaíochtaí próiseála íocaíochta agus ar a iomchuí atá sé raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig oibreoirí córas íocaíochta agus eintitis a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí próiseála íocaíochta. I bhfianaise an mheasúnaithe sin, déanfaidh an Coimisiún, mar chuid den athbhreithniú ar Threoir (AE) 2015/2366, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tráth nach déanaí ná 17 Iúil 2023.
Bunaithe ar an tuarascáil athbhreithnithe sin, agus tar éis dó dul i gcomhairle le ÚMEnna, BCE agus BERS, féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí agus mar chuid den togra reachtach a fhéadfaidh sé a ghlacadh de bhun Airteagal 108, an dara mír, de Threoir (AE) 2015/2366, togra a thíolacadh chun a áirithiú go mbeidh oibreoirí uile na gcóras íocaíochta agus na heintitis uile a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí próiseála íocaíochta faoi réir formhaoirseachta iomchuí, agus maoirseacht ag an mbanc ceannais atá ann cheana á cur san áireamh.
|
|
Airteagal 58 3
|
3. Faoin 17 Eanáir 2026, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna agus le Coiste na gComhlachtaí Eorpacha um Fhormhaoirseacht Iniúchóireachta, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na gComhairle, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach maidir lena iomchuí atá ceanglais neartaithe le haghaidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a mhéid a bhaineann le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil, trí bhíthin iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a áireamh faoi raon feidhme an Rialacháin seo nó trí bhíthin leasuithe ar Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
Saincheisteanna nasctha
|