+Airteagal 58 2

Airteagal 58 2

2.   I gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Threoir (AE) 2015/2366, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le cibear-athléimneacht mhéadaithe i gcórais íocaíochta agus gníomhaíochtaí próiseála íocaíochta agus ar a iomchuí atá sé raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig oibreoirí córas íocaíochta agus eintitis a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí próiseála íocaíochta. I bhfianaise an mheasúnaithe sin, déanfaidh an Coimisiún, mar chuid den athbhreithniú ar Threoir (AE) 2015/2366, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tráth nach déanaí ná 17 Iúil 2023.

Bunaithe ar an tuarascáil athbhreithnithe sin, agus tar éis dó dul i gcomhairle le ÚMEnna, BCE agus BERS, féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí agus mar chuid den togra reachtach a fhéadfaidh sé a ghlacadh de bhun Airteagal 108, an dara mír, de Threoir (AE) 2015/2366, togra a thíolacadh chun a áirithiú go mbeidh oibreoirí uile na gcóras íocaíochta agus na heintitis uile a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí próiseála íocaíochta faoi réir formhaoirseachta iomchuí, agus maoirseacht ag an mbanc ceannais atá ann cheana á cur san áireamh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas