+Airteagal 31 1.

Airteagal 31 1.

I gcásanna éigeandála, féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúidí ionstraimí caipitil a chomhlíonann ar a laghad na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (b) go (e) d'Airteagal 28(1) a áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

Gur eisíodh na hionstraimí tar éis 1 Eanáir 2014.

(b) 

Go measann an Coimisiún gur Státchabhair atá sna hionstraimí caipitil.

(c) 

Go n-eisítear na hionstraimí caipitil i gcomhthéacs scéime athchaipitlithe de bhun na rialacha maidir le Státchabhair atá ann ag an am.

(d) 

Go bhfuil na hionstraimí caipitil suibscríofa go hiomlán agus ina seilbh ag an Stát nó ag údarás ábhartha poiblí nó ag eintiteas faoi úinéireacht phoiblí.

(e) 

Go bhfuil na hionstraimí caipitil in ann caillteanais a sheasamh.

(f) 

Ach amháin i gcás na n-ionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 25, go dtabharfaidh na hionstraimí an teidlíocht do na húinéirí éileamh a dhéanamh ar shócmhainní iarmharacha na hinstitiúidí, i gcás leachtaithe, tar éis gach éileamh sinsearach a bheith íoctha.

(g) 

Go bhfuil sásraí leordhóthanacha um imeacht ann don Stáit, nó i gcás inarb infheidhme, don údarás ábhartha poiblí nó don eintiteas faoi úinéireacht phoiblí.

(h) 

Go mbeidh cead tugtha roimh ré ag an údarás inniúil agus go mbeidh a chinneadh foilsithe aige in éineacht le míniú ar an gcinneadh sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas