|
+Airteagal 216 3. |
Airteagal 216 3.De mhaolú ar mhír 1, maidir le neamhchosaintí ar chorparáidí arna cumhdach le díorthach creidmheasa, ní cheanglófar an teagmhas creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (a)(iii) den mhír sin a shonrú sa chonradh díorthach ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
is gá vóta 100 % chun aibíocht, príomhshuim, cúpón, airgeadra nó stádas sinsearachta na neamhchosanta foluití ar chorparáidí a leasú;
(b)
tá cód féimheachta seanbhunaithe ag an sainchónaí dlíthiúil lena rialaítear an neamhchosaint ar chorparáidí a thugann caoi do chuideachta atheagrú agus athchóiriú a dhéanamh, agus a bhforáiltear leis socraíocht ordúil ar éilimh ó chreidiúnaithe. I gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo, d’fhéadfadh an chosaint creidmheasa a bheith incháilithe mar sin féin faoi réir laghdú ar an luach mar a shonraítear in Airteagal 233(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|