I gcás neamhchosaintí lena ngabhann cosaint creidmheasa neamhchistithe a gcuireann institiúid Cur Chuige IRB a leagtar amach i gCaibidil 3 i bhfeidhm ina leith agus i gcás ina bhfuil neamhchosaintí díreacha inchomparáide ar an soláthraí cosanta arna láimhseáil faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, ríomhfaidh institiúidí na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
max{0, E – GA} · r + GA· g
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
E
|
= luach na neamhchosanta arna chinneadh i gcomhréir le Caibidil 3, Roinn 5. chun na críche sin, déanfaidh institiúidí luach na neamhchosanta i gcás ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe seachas díorthaigh arna láimhseáil faoi Chur Chuige IRB a ríomh trí úsáid a bhaint as CCF 100 % seachas as na SA-CCFanna nó IRB-CCF dá bhforáiltear in Airteagal 166(8), (8a) agus (8b);
|
|
GA
|
= méid na cosanta creidmheasa arna ríomh choigeartú i leith riosca malairte eachtraí (G*) i gcomhréir le hAirteagal 233(3) arna choigeartú tuilleadh le haghaidh aisioncronacht aibíochta ar bith mar a leagtar síos i Roinn 5 den Chaibidil seo;
|
|
r
|
= ualú riosca na neamhchosaintí ar an oibleagáideoir mar a shonraítear i gCaibidil 3;
|
|
g
|
= an t-ualú riosca is infheidhme maidir le neamhchosaint dhíreach ar sholáthraí na cosanta mar a shonraítear i gCaibidil 2.
|