Féadfar beart a úsáid atá níos coimeádaí ná an méadrach a úsáidtear chun luach na
►C9
neamhchosanta
◄ rialála a ríomh maidir le gach contrapháirtí in áit an alfa arna iolrú ag an EPE iarbhír le cead roimh ré ó na húdaráis inniúla. Déanfar méid an choimeádachais ábhartha a mheasúnú ach faomhadh tosaigh a fháil ó na húdaráis inniúla agus le linn na n-athbhreithnithe maoirseachta rialta ar shamhlacha EPE. Déanfaidh institiúid an coimeádachas a bhailíochtú go rialta. Clúdófar na contrapháirtithe uile dá n-úsáidtear na samhlacha sa mheasúnú leanúnach ar fheidhmíocht na samhla.