+Airteagal 314 5.
|
Airteagal 314 5.
Chun críocha mhír 1, ríomhfar an chomhpháirt seirbhísí i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
SC = max (OI, OE) + max (FI, FE)
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
SC
|
= an chomhpháirt seirbhísí;
|
|
OI
|
= an t-ioncam oibriúcháin eile, arb é meánioncam bliantúil na hinstitiúide thar na 3 bliana airgeadais roimhe sin é ó ghnáthoibríochtaí baincéireachta nach n-áirítear le ítimí eile an táscaire gnó ach atá de chineál dá shamhail;
|
|
OE
|
= na speansais oibriúcháin eile, arb iad meánspeansais agus meánchaillteanais bhliantúla na hinstitiúide iad le linn na 3 bliana airgeadais roimhe sin ó ghnáthoibríochtaí baincéireachta nach n-áirítear le hítimí eile an táscaire gnó ach atá de chineál dá samhail, agus ó theagmhais riosca oibriúcháin;
|
|
FI
|
= an chomhpháirt ioncaim ó tháillí agus ó choimisiúin, arb é meánioncam bliantúil na hinstitiúide thar na 3 bliana roimhe sin é arna fháil ó chomhairle agus ó sheirbhísí a sholáthar, lena n-áirítear ioncam arna fháil ag an institiúid mar sheachfhoinsitheoir seirbhísí airgeadais;
|
|
FE
|
= an chomhpháirt speansas ó tháillí agus ó choimisiúin, arb iad na meánspeansais arna n-íoc ag an institiúid thar na 3 bliana roimhe sin iad as comhairle agus seirbhísí a fháil, lena n-áirítear táillí seachfhoinsithe arna n-íoc ag an institiúid as seirbhísí airgeadais a soláthraíodh, ach nach n-áirítear leo táillí seachfhoinsithe arna n-íoc as seirbhísí a soláthraíodh nach seirbhísí airgeadais iad.
|
Faoi réir cead an údaráis inniúil a fháil roimh ré, agus a mhéid atá córais oiriúnacha aonfhoirmeacha ar fáil don scéim cosanta institiúideach chun faireachán agus aicmiú a dhéanamh ar rioscaí oibriúcháin, féadfaidh institiúidí ar comhaltaí iad de scéim cosanta institiúideach a chomhlíonann ceanglais Airteagal 113(7) an chomhpháirt seirbhísí glan ó aon ioncam a fhaightear ó institiúidí nó ó aon chaiteachas a íoctar le hinstitiúidí, ar comhaltaí iad den scéim cosanta institiúideach chéanna, a ríomh. Tá aon chaillteanais a eascraíonn as na rioscaí oibriúcháin gaolmhara faoi réir frithpháirtiú ar fud chomhaltaí na scéime cosanta institiúidí.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|