+Airteagal 350 3.

Airteagal 350 3.

I gcás nach bhfuil an institiúid ar an eolas faoi infheistíochtaí foluiteacha an GC ar bhonn laethúil, féadfaidh an institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ an tsuímh a ríomh, arb éard a bheidh ann, ►C9  riosca ◄ sonrach agus ►C9  riosca ◄ ginearálta, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) 

glacfar leis go n-infheistíonn an GC ar dtús go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear faoina shainordú sna haicmí sócmhainní sin a bhfuil an ceanglas cistí dílse is airde ag baint leo i leith ►C9  riosca ◄ shonraigh agus ►C9  riosca ◄ ghinearálta ar leithligh, agus ansin go leanann sé ar aghaidh ag infheistiú in ord íslitheach go dtí go mbainfear an teorainn uasta amach maidir le hinfheistíocht iomlán. Is mar shealúchas díreach sa suíomh a glacadh a láimhseálfar an suíomh sa GC;

(b) 

cuirfidh institiúidí san áireamh an ►C9  neamhchosaint ◄ indíreach is airde a d'fhéadfaidís a bhaint amach trí shuímh luamhánaithe a ghlacadh tríd an GC nuair atá a gceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ shonraigh agus ►C9  riosca ◄ ghinearálta á ríomh ar leithligh acu, tríd an suíomh sa GC a mhéadú go comhréireach suas go dtí an ►C9  neamhchosaint ◄ uasta ar na hítimí infheistíochta foluiteacha a thig ón sainordú;

(c) 

má sháraíonn an ceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ shonraigh agus ►C9  riosca ◄ ghinearálta i dteannta a chéile i gcomhréir leis an mír seo an méid sin atá leagtha amach in Airteagal 348(1) cuirfear uasteorainn leis an gceanglas cistí dílse ar an leibhéal sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas