|
+Airteagal 390 6. |
Airteagal 390 6.Ní áireofar aon cheann de na nithe seo a leanas mar ►C12 neamhchosainti ◄ :
(a)
i gcás idirbheart malairte eachtraí, ►C12 neamhchosainti ◄ arna dtabhú sa ghnáthchúrsa socraíochta le linn an dá lá gnó tar éis íocaíochta;
(b)
i gcás idirbheart chun urrúis a cheannach nó a dhíol, ►C12 neamhchosainti ◄ arna dtabhú sa ghnáthchúrsa socraíochta le linn na gcúig lá gnó tar éis íoc as na hurrúis nó tar éis iad a sheachadadh, cibé acu is túisce;
(c)
i gcás ina soláthraítear tarchur airgid lena n-áirítear seirbhísí íocaíochta a dhéanamh, imréiteach agus socraíocht in aon airgeadra agus imréiteach comhfhreagrach ionstraimí baincéireachta nó ionstraimí airgeadais, seirbhísí socraíochta agus cumhdaigh do chliaint, fáltais mhoillithe i leith ►C12 neamhchosainti ◄ cistithe agus eile a thagann as gníomhaíocht cliaint nach maireann níos faide ná an lá gnó dar gcionn;
(d)
i gcás ina soláthraítear tarchur airgid lena n-áirítear seirbhísí íocaíochta a dhéanamh, imréiteach agus socraíocht in aon airgeadra agus baincéireacht chomhfhreagrach, ►C12 neamhchosainti ◄ ionlae ar institiúidí a sholáthraíonn na seirbhísí sin;
(e)
►C12 neamhchosainti ◄ arna n-asbhaint as ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 nó as ítimí breise Leibhéal 1 i gcomhréir le hAirteagal 36 agus Airteagal 56 nó aon asbhaint eile as na hítimí sin a laghdaíonn an cóimheas sócmhainneachta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|