+Airteagal 395 6.

Airteagal 395 6.

Chun críocha na míre seo, ciallaíonn bearta struchtúracha bearta a ghlacann Ballstát agus a chuireann údaráis inniúla ábhartha an Bhallstáit sin chun feidhme, roimh do ghníomh dlíthiúil teacht i bhfeidhm lena gcomhchuibhítear bearta den sórt sin go sainráite, a éilíonn go laghdóidh institiúidí creidmheasa arna n-údarú sa Bhallstát sin a ►C9  neamhchosaintí ◄ ar eintitis éagsúla dlíthiúla ag brath ar a ngníomhaíochtaí, beag beann ar an áit ina bhfuil na gníomhaíochtaí sin lonnaithe, d'fhonn taisceoirí a chosaint agus cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú.

D'ainneoin mír 1 den Airteagal seo agus Airteagal 400(1)(f), i gcás ina nglacann Ballstáit dlíthe náisiúnta lena n-éilítear go ndéanfar bearta struchtúracha laistigh de ghrúpa baincéireachta, d'fhéadfadh údaráis inniúla a éileamh go gcuirfeadh institiúidí an ghrúpa baincéireachta a bhfuil taiscí ina seilbh acu arna gcumhdach ag Scéim Ráthaíochta Taiscí i gcomhréir le Treoir 94/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí ( 34 ) nó ag scéim ráthaíochta taiscí choibhéiseach i dtríú tír, ►C1  go gcuirfidís teorainn mhór ►C9  neamhchosaintí ◄ i bhfeidhm faoi bhun 25 % ach ní faoi bhun 15 % idir an 28 Meitheamh 2013 agus an 30 Meitheamh 2015 ◄ , agus ní faoi bhun 10 % ó 1 Iúil 2015 ar bhonn fochomhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 11(5) maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ inghrúpa i gcás go gcuimseoidh na ►C9  neamhchosaintí ◄ sin ►C9  neamhchosaintí ◄ ar eintiteas nach mbaineann leis an bhfoghrúpa céanna maidir leis na bearta struchtúracha.

Chun críocha na míre seo, comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

féachtar ar gach eintiteas a bhaineann leis an bhfoghrúpa céanna maidir leis na bearta struchtúracha mar aon chliant amháin nó mar ghrúpa de chliaint nasctha;

(b) 

cuirfidh na húdaráis inniúla teorainn aonfhormeach i bhfeidhm ar na ►C9  neamhchosaintí ◄ dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Beidh cur i bhfeidhm an chur chuige seo gan dochar do mhaoirseacht éifeachtach ar bhonn comhdhlúite agus ní bheidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó san Aontas ina iomláine ná ní fhoirmeoidh sé ná ní chruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas