+Airteagal 402 1.

Airteagal 402 1.

►M17  Chun luachanna na neamhchosanta a ríomh chun críocha Airteagal 395, féadfaidh institiúidí, seachas i gcás ina bhfuil toirmeasc ar a leithéid leis an dlí náisiúnta is infheidhme, luach neamhchosanta nó aon chuid de neamhchosaint a laghdú, ar neamhchosaint í arna hurrú le réadmhaoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 125(1) leis an méid arna chur i ngeall den luach réadmhaoine, ach nach mó ná 55 % den luach réadmhaoine, ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas: ◄

▼M17

(a) 

níl ualú riosca níos airde ná 20 % socraithe ag na húdaráis inniúla le haghaidh neamhchosaintí nó codanna de neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 124(9);

▼M8

(b) 

tá an ►C12  neamhchosaint ◄ nó cuid den ►C12  neamhchosaint ◄ urraithe go hiomlán ag an méid seo a leanas:

(i) 

morgáiste amháin nó níos mó ar réadmhaoin chónaithe; nó

(ii) 

réadmhaoin chónaithe in idirbheart léasaithe faoina gcoinníonn an léasóir úinéireacht iomlán ar an réadmhaoin chónaithe agus nach bhfuil rogha an léasaí í a cheannach feidhmithe aige nó aici go fóill;

(c) 

comhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 208 agus in Airteagal 229(1).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas