+Airteagal 415 1.
|
Airteagal 415 1.
Tuairisceoidh institiúidí na hítimí dá dtagraítear sna caighdeáin theicniúla chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 nó 3a den Airteagal seo, i dTeideal IV agus sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) do na hinstitiúidí inniúla san airgeadra tuairiscithe, beag beann ar ainmníocht iarbhír na n-ítimí sin. Go dtí go sonrófar an oibleagáid tuairiscithe agus an fhormáid tuairiscithe maidir leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach i dTeideal IV agus go dtí go dtabharfar isteach i ndlí an Aontais iad, tabharfaidh institiúidí tuairisc do na húdaráis inniúla maidir leis na hítimí dá dtagraítear i dTeideal III san airgeadra tuairiscithe, beag beann ar ainmníocht iarbhír na n-ítimí sin. Uair sa mhí ar a laghad a bheidh sa mhinicíocht tuairiscithe i gcás ítimí dá dtagraítear sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) agus uair sa ráithe ar a laghad i gcás ítimí dá dtagraítear i dTeideal III agus i dTeideal IV.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|