|
+Airteagal 430 1. |
Airteagal 430 1.Tuairisceoidh institiúidí dá n-údaráis inniúla maidir leis an méid a leanas:
(a)
ceanglais cistí dílse, lena n-áirítear ceanglais an chóimheasa luamhánaithe, a leagtar amach in Airteagal 92 agus i gCuid a Seacht;
(b)
i gcás na n-institiúidí atá faoi réir na gceanglas sin, na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 92a agus 92b;
(c)
►C12 neamhchosaint ◄ móra mar a leagtar amach in Airteagal 394;
(d)
ceanglais leachtachta mar a leagtar amach in Airteagal 415;
(e)
na mionsonraí comhiomlána maidir le gach margadh maoine dochorraithe náisiúnta a leagtar amach in Airteagal 430a(1);
(f)
na ceanglais agus an treoir a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE is incháilithe le haghaidh tuairisciú caighdeánaithe, seachas aon cheanglais bhreise maidir le tuairisciú faoi phointe (j) d'Airteagal 104(1) den Treoir sin;
(g)
an leibhéal ualaithe sócmhainní, lena n-áirítear miondealú de réir chineál an ualaithe sócmhainní, amhail comhaontuithe athcheannaigh, iasachtú urrús, ►C12 neamhchosainti ◄ urrúsaithe nó iasachtaí;
(h)
a neamhchosaintí ar rioscaí CSR lena n-áirítear:
(i)
a neamhchosaintí reatha agus nua ó thaobh eintitis in earnáil na mbreoslaí iontaise;
(ii)
a neamhchosaintí ó thaobh rioscaí fisiciúla agus rioscaí aistrithe;
(i)
a neamhchosaintí cripteashócmhainní. Ní bheidh institiúidí dá dtagraítear in Airteagal 6(5) faoi réir an cheanglais um thuairisciú ar an gcóimheas luamhánaithe a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo ar bhonn aonair. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|