+Airteagal 430a 1.

Airteagal 430a 1.

Tabharfaidh institiúidí tuairisc do na húdaráis inniúla ar bhonn bliantúil ar na mionsonraí comhiomlána seo a leanas maidir le gach margadh réadmhaoine dochorraithe náisiúnta ar a bhfuil siad neamhchosanta:

(a) 

caillteanas a eascraíonn as neamhchosaintí a bhfuil réadmhaoin aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, i ngach cás suas go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 55 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine cónaithe mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(9), i gcás inarb infheidhme;

(b) 

caillteanas foriomlán a eascraíonn as neamhchosaintí a bhfuil réadmhaoin chónaithe aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, i ngach cás suas go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 100 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine cónaithe;

(c) 

luach neamhchosanta na neamhchosaintí uile atá gan íoc a bhfuil réadmhaoin chónaithe aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, i ngach cás go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 100 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine cónaithe;

(d) 

caillteanas a eascraíonn as neamhchosaintí a bhfuil réadmhaoin dhochorraithe tráchtála aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, i ngach cás suas go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 55 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine dochorraithe tráchtála mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(9), i gcás inarb infheidhme;

(e) 

caillteanas foriomlán a eascraíonn as neamhchosaintí a bhfuil réadmhaoin dhochorraithe tráchtála aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, i ngach cás suas go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 100 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine dochorraithe tráchtála;

(f) 

luach neamhchosanta na neamhchosaintí uile atá gan íoc a bhfuil réadmhaoin dhochorraithe tráchtála aitheanta mar chomhthaobhacht ag institiúid ina leith i ngach cás go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 100 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine dochorraithe tráchtála.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas