+Airteagal 39 Cumhachtaí maoirseachta
---+Airteagal 39 1.
---+Airteagal 39 2.
---+Airteagal 39 3.

Airteagal 39 Cumhachtaí maoirseachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 39 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta is gá ag na húdaráis inniúla chun idirghabháil a dhéanamh, agus a gcuid feidhmeanna á bhfeidhmiú, i ngníomhaíocht gnólachtaí infheistíochta ar bhealach éifeachtach comhréireach.
Airteagal 39 2.

►M2  Chun críocha Airteagal 29, Airteagal 36, Airteagal 37(3) agus Airteagal 38 den Treoir seo agus chun Rialachán (AE) 2019/2033 a chur i bhfeidhm, beidh ar a laghad na cumhachtaí seo a leanas ag na húdaráis inniúla: ◄

(a) 

a chur de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta cistí dílse a bheith acu de bhreis ar a n‐éilítear de bhun na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 40 den Treoir seo, nó na cistí dílse agus na sócmhainní leachtacha a theastaíonn i gcás athruithe ábhartha i ngnó na ngnólachtaí infheistíochta sin a choigeartú;

(b) 

a éileamh go ndaingneofar na socruithe, na próisis, na sásraí agus na straitéisí a cuireadh chun feidhme i gcomhréir le hAirteagail 24 agus 26;

(c) 

a chur de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta plean a chur i láthair, laistigh de bhliain amháin, chun comhlíonadh ceanglas maoirseachta de bhun na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2033, a athbhunú, sprioc-am a shocrú i leith chur chun feidhme an phlean sin agus a éileamh go ndéanfar feabhsuithe ar an bplean sin i dtaca le raon feidhme agus sprioc-am;

(d) 

a chur de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta beartas sonrach maidir le soláthar nó láimhseáil sócmhainní ó thaobh ceanglais cistí dílse a chur i bhfeidhm;

(e) 

srian nó teorainn a chur le gnó, oibríochtaí nó líonra gnólachtaí infheistíochta nó a iarraidh go ndífheisteofaí gníomhaíochtaí lena mbaineann rioscaí iomarcacha d'fhóntacht airgeadais gnólachta infheistíochta;

(f) 

a éileamh go laghdófar an riosca a bhaineann go dlúth le gníomhaíochtaí, táirgí agus córais gnólachtaí infheistíochta, lena n‐áirítear gníomhaíochtaí seachfhoinsithe;

(g) 

a chur de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta teorainn a chur le luach saothair inathraithe mar chéatadán d'ioncam glan i gcás nach mbeidh an luach saothair sin comhsheasmhach le bonn caipitil fónta a choimeád;

(h) 

a chur de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta brabúis ghlana a úsáid chun a gcistí dílse a neartú;

(i) 

teorainn nó toirmeasc a chur le dáileacháin nó le híocaíochtaí úis a thugann gnólacht infheistíochta do scairshealbhóirí, do chomhaltaí nó do shealbhóirí ionstraimí Breise Leibhéal 1 i gcás nach cás mhainneachtain an ghnólachta infheistíochta é an teorainn nó an toirmeasc sin;

(j) 

ceanglais bhreise nó níos minice maidir le tuairisciú a fhorchur ná na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) 2019/2033, lena n‐áirítear tuairisciú faoi shuíomhanna caipitil agus leachtachta;

(k) 

ceanglais leachtachta shonracha a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 42;

(l) 

nochtadh breise a éileamh;

(m) 

a cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta na rioscaí atá ann do shlándáil líonraí agus chórais faisnéise na ngnólachtaí infheistíochta a laghdú chun rúndacht, sláine agus inrochtaineacht phróisis, shonraí agus shócmhainní na ngnólachtaí infheistíochta sin a áirithiú;

▼M2

(n) 

a cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta neamhchosaintí i leith contrapháirtí lárnach a laghdú nó neamhchosaintí a athailíniú ar fud a gcuntas imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 7a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i gcás ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil riosca comhchruinnithe iomarcach ag eascairt as neamhchosaintí i leith an chontrapháirtí lárnaigh sin.

▼B

Airteagal 39 3.

Chun críocha phointe (j) de mhír 2, ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla ceanglais bhreise ná níos minice maidir le tuairisciú a fhorchur ar ghnólachtaí infheistíochta ach amháin i gcás nach bhfuil an fhaisnéis atá le tuairisciú dúblálach agus ina gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá feidhm ag ceann de na cásanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 38;

(b) 

measann an t‐údarás inniúil gur gá an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 38(b) a bhailiú;

(c) 

tá an fhaisnéis bhreise de dhíth chun críoch an phróisis athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 36.

Measfar go bhfuil faisnéis dhúblálach i gcás ina mbeidh an fhaisnéis chéanna nó faisnéis arb ionann í agus an fhaisnéis sin a bheag nó a mhór ag an údarás inniúil cheana, i gcás inar féidir leis an údarás inniúil an fhaisnéis sin a chur ar fáil nó i gcás inar féidir leis an údarás inniúil céanna í a fháil le modhanna eile seachas ceanglas ar an ngnólacht infheistíochta í a thuairisciú. I gcás ina mbeidh an fhaisnéis ar fáil don údarás inniúil i bhformáid nó ar leibhéal gráinneachta atá éagsúil leis an bhfaisnéis bhreise atá le tuairisciú agus i gcás nach gcoisceann an fhormáid éagsúil sin ná an ghráinneacht éagsúil sin air faisnéis atá mar an gcéanna, a bheag nó a mhór, a chur ar fáil, ní éileoidh an t‐údarás inniúil an fhaisnéis bhreise.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas