+Airteagal 448 1.

Airteagal 448 1.

Ón 28 Meitheamh 2021, nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil seo a leanas faoi na ►C12  riosca ◄ a thiocfaidh as athruithe a d'fhéadfadh teacht ar rátaí úis a mbeadh tionchar acu ar luach eacnamaíoch cothromais agus ar ghlanioncam úis na ngníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála atá acu dá dtagraítear in Airteagal 84 agus in Airteagal 98(5) de Threoir 2013/36/AE:

(a) 

na hathruithe ar luach eacnamaíoch cothromais a ríomhtar faoi na sé chás maoirseachta suaite dá dtagraítear in Airteagal 98(5) de Threoir 2013/36/AE do na tréimhsí nochta reatha agus do na tréimhsí nochta roimhe sin;

(b) 

na hathruithe ar an nglanioncam úis a ríomhtar faoin dá chás maoirseachta suaite dá dtagraítear in Airteagal 98(5) de Threoir 2013/36/AE do na tréimhsí nochta reatha agus do na tréimhsí nochta roimhe sin;

(c) 

tuairisc ar na príomhthoimhdí paraiméadracha agus samhaltaithe, seachas orthu sin dá dtagraítear i bpointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 98(5a) de Threoir 2013/36/AE a úsáidtear chun athruithe ar luach eacnamaíoch cothromais agus ar ghlanioncam úis a ríomh a cheanglaítear faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) den mhír seo;

(d) 

míniú ar thábhacht na mbeart ►C12  riosca ◄ a nochtar faoi phointí (a) agus (b) den mhír seo agus ar aon athrú suntasach ar na bearta ►C12  riosca ◄ sin ón dáta tagartha nochta roimhe sin;

(e) 

tuairisc ar an tslí a sainmhíníonn, a dtomhaiseann, a maolaíonn agus a rialaíonn institiúidí ►C12  riosca ◄ rátaí úis ar na gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála atá acu chun chríocha athbhreithniú na n-údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 84 de Threoir 2013/36/AE, lena n-áirítear:

(i) 

tuairisc ar bhearta ►C12  riosca ◄ sonracha arna n-úsáid ag na hinstitiúidí chun meastóireacht a dhéanamh ar athruithe ar luach eacnamaíoch cothromais atá acu agus ar an nglanioncam úis atá acu;

(ii) 

tuairisc ar na príomhthoimhdí paraiméadracha agus samhaltaithe a úsáidtear i gcórais thomhaiste inmheánacha na n-institiúidí a bheadh difriúil leis na toimhdí paraiméadracha agus samhaltaithe coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 98(5a)(b) de Threoir 2013/36/AE chun críche athruithe a ríomh ar luach eacnamaíoch cothromais agus ar ghlanioncam úis a ríomh a cheanglaítear, lena n-áirítear an réasúnaíocht do na difríochtaí sin;

(iii) 

tuairisc ar na cásanna suaite rátaí úis arna n-úsáid ag institiúidí chun meastachán a dhéanamh ar ►C12  riosca ◄ ar na rátaí úis sin;

(iv) 

éifeacht fáluithe a aithint ar na ►C12  riosca ◄ sin ar rátaí úis, lena n-áirítear fáluithe inmheánacha a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 106(3);

(v) 

achoimre ar cá mhinice a dhéantar meastóireacht ar na ►C12  riosca ◄ sin ar rátaí úis;

(f) 

an tuairisc ar an mbainistíocht iomlán ►C12  riosca ◄ agus straitéisí maolaithe i leith na ►C12  riosca ◄ sin;

(g) 

an mheánaibíocht athphraghsála agus an aibíocht phraghsála is faide a shanntar do thaiscí neamhaibíochta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas