|
+Airteagal 455 2. |
Airteagal 455 2.Nochtfaidh institiúidí, ar bhonn comhiomlán, maidir le gach ceann de na deasca trádála a chumhdaítear leis na samhlacha inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 325az na comhpháirteanna seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:
(a)
an luach is déanaí chomh maith leis an luach is airde, an luach is ísle agus an meánluach feadh an 60 lá gnó roimhe sin don mhéid seo a leanas:
(i)
an beart riosca easnaimh ionchasaigh neamhiallaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1);
(ii)
an beart riosca easnaimh ionchasaigh neamhiallaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1) le haghaidh gach catagóire leithne fachtóra riosca;
(b)
an luach is déanaí chomh maith leis an meánluach feadh an 60 lá gnó roimhe sin don mhéid seo a leanas:
(i)
an beart riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1);
(ii)
an beart riosca maidir le cás faoi strus dá dtagraítear in Airteagal 325ba(1), pointe (b);
(iii)
an ceanglas cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 325ba(2);
(iv)
suim na gceanglas cistí dílse mar dá dtagraítear in Airteagal 325ba(3), lena n-áirítear comhpháirteanna uile na foirmle agus an fachtóir iolraitheora is infheidhme;
(c)
líon na róluaineachtaí cúltástála sna 250 lá gnó is déanaí ag an 99ú peircintíl dá dtagraítear in Airteagal 325bf(6). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|