+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 2 (1)
---+Airteagal 2 (2)
---+Airteagal 2 (3)
---+Airteagal 2 (4)
---+Airteagal 2 (5)
---+Airteagal 2 (6)
---+Airteagal 2 (7)
---+Airteagal 2 (8)
---+Airteagal 2 (9)
---+Airteagal 2 (10)
---+Airteagal 2 (11)
---+Airteagal 2 (12)
---+Airteagal 2 (13)
---+Airteagal 2 (14)
---+Airteagal 2 (15)
---+Airteagal 2 (16)
---+Airteagal 2 (17)
---+Airteagal 2 (18)
---+Airteagal 2 (19)
---+Airteagal 2 (20)
---+Airteagal 2 (21)
---+Airteagal 2 (22)
---+Airteagal 2 (23)
---+Airteagal 2 (24)
---+Airteagal 2 (25)
---+Airteagal 2 (26)
---+Airteagal 2 (27)
---+Airteagal 2 (28)
---+Airteagal 2 (29)
---+Airteagal 2 (30)
---+Airteagal 2 (31)
---+Airteagal 2 (32)
---+Airteagal 2 (33)
---+Airteagal 2 (34)
---+Airteagal 2 (35)
---+Airteagal 2 (36)
---+Airteagal 2 (37)
---+Airteagal 2 (38)
---+Airteagal 2 (39)
---+Airteagal 2 (40)
---+Airteagal 2 (41)
---+Airteagal 2 (42)
---+Airteagal 2 (43)
---+Airteagal 2 (44)
---+Airteagal 2 (45)
---+Airteagal 2 (46)
---+Airteagal 2 (47)
---+Airteagal 2 (48)
---+Airteagal 2 (49)
---+Airteagal 2 (50)
---+Airteagal 2 (51)
---+Airteagal 2 (52)
---+Airteagal 2 (53)
---+Airteagal 2 (54)
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 (1)
|
ciallaíonn “CPL” contrapháirtí lárnach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
Airteagal 2 (2)
|
ciallaíonn “coláiste réitigh” an coláiste arna bhunú de bhun Airteagal 4;
|
|
Airteagal 2 (3)
|
ciallaíonn “údarás réitigh” údarás arna ainmniú ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 3;
|
|
Airteagal 2 (4)
|
ciallaíonn “uirlis réitigh” uirlis réitigh faoi mar a leagtar amach in Airteagal 27(1);
|
|
Airteagal 2 (5)
|
ciallaíonn “cumhacht réitigh” aon cheann de na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagail 48 go 58;
|
|
Airteagal 2 (6)
|
ciallaíonn “cuspóirí réitigh” na cuspóirí réitigh a leagtar síos in Airteagal 21;
|
|
Airteagal 2 (7)
|
ciallaíonn “údarás inniúil” údarás arna ainmniú ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
Airteagal 2 (8)
|
ciallaíonn “teagmhas mainneachtana” cás inar dhearbhaigh an CPL go bhfuil ceann acu seo a leanas ar mainneachtain:
|
(a)
|
comhalta imréitigh amháin nó níos mó, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; nó
|
|
(b)
|
CPL idir-inoibritheach amháin nó níos mó i gcomhréir leis na socruithe conarthacha ábhartha nó leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
|
|
|
Airteagal 2 (9)
|
ciallaíonn “teagmhas neamh-mhainneachtana” cás ina dtabhaíonn CPL caillteanais ar chúis ar bith seachas teagmhas mainneachtana, lena n-áirítear clistí gnó, coimeádta, infheistíochta, dlíthiúla nó oibríochtúla nó calaois, lena n-áirítear clistí mar thoradh ar chibearionsaithe, ach gan a bheith teoranta dóibh;
|
|
Airteagal 2 (10)
|
ciallaíonn “plean réitigh” cinneadh plean réitigh le haghaidh CPL a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 12;
|
|
Airteagal 2 (11)
|
ciallaíonn “gníomhaíocht réitigh” cinneadh CPL a chur faoi réiteach de bhun Airteagal 22, uirlis réitigh a chur i bhfeidhm, nó cumhacht réitigh amháin nó níos mó a fheidhmiú;
|
|
Airteagal 2 (12)
|
ciallaíonn “comhalta imréitigh” comhalta imréitigh mar a shainmhínítear i bpointe 14 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
Airteagal 2 (13)
|
ciallaíonn “máthairghnóthas” máthairghnóthas mar a shainmhínítear i bpointe (15)(a) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
Airteagal 2 (14)
|
ciallaíonn “CPL tríú tír” CPL a bhfuil a cheannoifig bunaithe i dtríú tír;
|
|
Airteagal 2 (15)
|
ciallaíonn “socrú fritháirimh” socrú faoinar féidir dhá éileamh nó níos mó, nó dhá oibleagáid nó níos mó, atá dlite idir an CPL atá faoi réiteach agus contrapháirtí a fhritháireamh i gcoinne a chéile;
|
|
Airteagal 2 (16)
|
ciallaíonn “bonneagar an mhargaidh airgeadais” nó “BMA” CPL, taisclann lárnach urrús, stór trádála, córas íocaíochta nó córas eile arna shainmhíniú agus arna ainmniú ag Ballstát faoi phointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE;
|
|
Airteagal 2 (17)
|
ciallaíonn “ionad trádála” ionad trádála mar a shainmhínítear i bpointe 4 in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
Airteagal 2 (18)
|
ciallaíonn “cliant” cliant mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
Airteagal 2 (19)
|
ciallaíonn “O-SIIanna” institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo dá dtagraítear in Airteagal 131(3) de Threoir 2013/36/AE;
|
|
Airteagal 2 (20)
|
ciallaíonn “cliant indíreach” gnóthas a bhfuil socruithe imréitigh indíreacha bunaithe aige le comhalta imréitigh de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
Airteagal 2 (21)
|
ciallaíonn “CPL idir-inoibritheach” CPL a bhfuil socrú idir-inoibritheachta bunaithe leis;
|
|
Airteagal 2 (22)
|
ciallaíonn “plean téarnaimh” plean téarnaimh arna tharraingt suas agus arna choimeád ar bun ag CPL i gcomhréir le hAirteagal 9;
|
|
Airteagal 2 (23)
|
ciallaíonn “bord” an bord riaracháin nó maoirseachta, nó an dá rud, a cuireadh ar bun de bhun dhlí náisiúnta na gcuideachtaí agus i gcomhréir le hAirteagal 27(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
Airteagal 2 (24)
|
ciallaíonn “coláiste maoirseachta” an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
Airteagal 2 (25)
|
ciallaíonn “caipiteal” caipiteal mar a shainmhínítear i bpointe 25 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
Airteagal 2 (26)
|
ciallaíonn “mainneachtain i bhfoirm cascáide” mainneachtain i bhfoirm cascáide i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
Airteagal 2 (27)
|
ciallaíonn “feidhmeanna criticiúla” gníomhaíochtaí, seirbhísí nó oibríochtaí a sholáthraítear do thríú páirtithe atá lasmuigh den CPL arb é ba dhócha a thiocfadh as dá scoirfí díobh go ndéanfaí seirbhísí atá bunriachtanach don fhíorgheilleagar a shuaitheadh nó go ndéanfaí cobhsaíocht airgeadais i mBallstát amháin nó ní ba mhó a shuaitheadh de thoradh mhéid, sciar margaidh, nascacht inmheánach agus sheachtrach, chastacht nó ghníomhaíochtaí trasteorann CPL, ag féachaint go háirithe d’inionadaitheacht na ngníomhaíochtaí, na seirbhísí nó na n-oibríochtaí sin;
|
|
Airteagal 2 (28)
|
ciallaíonn “grúpa” grúpa mar a shainmhínítear i bpointe 16 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
Airteagal 2 (29)
|
ciallaíonn “BMA nasctha” BMA a bhfuil socruithe conarthacha déanta ag an CPL leis, lena n-áirítear socruithe idir-inoibritheachta;
|
|
Airteagal 2 (30)
|
ciallaíonn “tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách” Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), nó aon tacaíocht airgeadais phoiblí eile ar an leibhéal fornáisiúnta, ar Státchabhair a bheadh inti dá bhforálfaí di ar an leibhéal náisiúnta, a sholáthraítear chun inmharthanacht, leachtacht nó sócmhainneacht CPL a chaomhnú nó a athbhunú;
|
|
Airteagal 2 (31)
|
ciallaíonn “conarthaí airgeadais” conarthaí agus comhaontuithe mar a shainmhínítear i bpointe 100 d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE;
|
|
Airteagal 2 (32)
|
ciallaíonn “gnáthimeachtaí dócmhainneachta” comh-imeachtaí dócmhainneachta arb é atá i gceist leo féichiúnaí a dhífheistiú i bpáirt nó ina iomláine agus leachtaitheoir nó riarthóir a cheapadh is infheidhme de ghnáth maidir le CPLanna faoin dlí náisiúnta agus a bhaineann go sonrach leis na hinstitiúidí sin nó is infheidhme i gcoitinne maidir le haon duine nádúrtha nó dlítheanach;
|
|
Airteagal 2 (33)
|
ciallaíonn “ionstraimí úinéireachta” scaireanna, ionstraimí eile a thugann úinéireacht, ionstraimí atá in-chomhshóite ina scaireanna nó ina n-ionstraimí úinéireachta eile nó a thugann an ceart scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile a fháil, agus ionstraimí arb ionann iad agus leasanna i scaireanna nó in ionstraimí úinéireachta eile;
|
|
Airteagal 2 (34)
|
ciallaíonn “údarás náisiúnta macrastuamachta ainmnithe” an t-údarás a bhfuil sé de chúram air an beartas macrastuamachta a sheoladh dá dtagraítear i Moladh B1 de Mholtaí an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (BERS) an 22 Nollaig 2011 maidir le sainordú macrastuamachta na n-údarás náisiúnta (BERS/2011/3);
|
|
Airteagal 2 (35)
|
ciallaíonn “ciste mainneachtana” ciste mainneachtana atá á choinneáil ag CPL i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
Airteagal 2 (36)
|
ciallaíonn “acmhainní réamh-mhaoinithe” acmhainní atá ag an duine dlítheanach ábhartha agus atá ar fáil gan srian dó;
|
|
Airteagal 2 (37)
|
ciallaíonn “lucht bainistíochta sinsearaí” an duine nó na daoine a bhainistíonn gnó an CPL go hiarbhír, agus comhalta nó comhaltaí feidhmiúcháin an bhoird;
|
|
Airteagal 2 (38)
|
ciallaíonn “stór trádála” stór trádála mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó i bpointe 1 d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);
|
|
Airteagal 2 (39)
|
ciallaíonn “creat Státchabhrach an Aontais” an creat a bhunaítear le hAirteagal 107, Airteagal 108 agus Airteagal 109 CFAE agus rialacháin agus gach gníomh de chuid an Aontais, lena n-áirítear treoirlínte, teachtaireachtaí agus fógraí, arna ndéanamh nó arna nglacadh de bhun Airteagal 108(4) nó Airteagal 109 CFAE;
|
|
Airteagal 2 (40)
|
ciallaíonn “ionstraimí fiachais” bannaí agus cineálacha eile fiachais inaistrithe neamhurraithe, ionstraimí lena gcruthaítear nó lena n-aithnítear fiachas, agus ionstraimí lena dtugtar cearta chun ionstraimí fiachais a fháil;
|
|
Airteagal 2 (41)
|
ciallaíonn “corrlach tosaigh” corrlach arna bhailiú ag an CPL chun neamhchosaint fhéideartha thodhchaí a chumhdach ar chomhaltaí imréitigh a sholáthraíonn an corrlach agus, i gcás inarb ábhartha, ar na CPLanna san eatramh idir an bailiú corrlaigh deiridh agus leachtú suíomhanna tar éis do chomhalta imréitigh nó do CPL idir-inoibritheach mainneachtain;
|
|
Airteagal 2 (42)
|
ciallaíonn “corrlach athrúcháin” corrlach arna bhailiú nó arna íoc chun neamhchosaintí reatha a léiriú atá de thoradh ar athruithe ar phraghsanna margaidh;
|
|
Airteagal 2 (43)
|
ciallaíonn “glao ar airgead tirim i gcomhair réitigh” iarraidh ar chomhaltaí imréitigh acmhainní airgid thirim a sholáthar don CPL, de bhreis ar acmhainní réamh-mhaoinithe, bunaithe ar chumhachtaí reachtúla atá ar fáil d’údarás réitigh i gcomhréir le hAirteagal 31;
|
|
Airteagal 2 (44)
|
ciallaíonn “glao ar airgead tirim i gcomhar téarnaimh” iarraidh ar chomhaltaí imréitigh acmhainní airgid thirim, seachas glao ar airgead tirim i gcomhair réitigh, a sholáthar don CPL, de bhreis ar acmhainní réamh-mhaoinithe, bunaithe ar na socruithe conarthacha a leagtar amach i rialacha oibríochta an CPL;
|
|
Airteagal 2 (45)
|
ciallaíonn “cumhachtaí aistrithe” na cumhachtaí a shonraítear i bpointe (c) agus (d) d’Airteagal 48(1) chun scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, ionstraimí fiachais, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais, nó aon mheascán de na hítimí sin, a aistriú ó CPL atá faoi réiteach chuig faighteoir;
|
|
Airteagal 2 (46)
|
ciallaíonn “díorthach” díorthach mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
Airteagal 2 (47)
|
ciallaíonn “socrú glanluachála” socrú faoinar féidir roinnt éileamh nó oibleagáidí a chomhshó ina nglanéileamh aonair, lena n-áirítear socrú glanluachála clabhsúir faoina ndéanfar, i gcás ina dtarlóidh teagmhas forfheidhmithe (pé sainmhíniú a thugtar air sin nó pé áit a shainmhínítear é), oibleagáidí na bpáirtithe a luathú sa dóigh go mbeidh siad dlite láithreach bonn nó go bhfoirceannfar iad agus, i gceachtar den dá chás, go ndéanfar iad a chomhshó ina nglanéileamh aonair nó go ndéanfar glanéileamh aonair a chur ina n-ionad, lena n-áirítear foráil maidir le glanluacháil chlabhsúir mar a shainmhínítear i bpointe (n)(i) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2002/47/CE (20) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus glanluacháil mar a shainmhínítear i bpointe (k) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE;
|
|
Airteagal 2 (48)
|
ciallaíonn “beart coiscthe géarchéime” feidhmiú cumhachtaí chun ceangal a chur ar CPL bearta a dhéanamh chun easnaimh ar a phlean téarnaimh a leigheas faoi Airteagal 10(8) agus (9), feidhmiú cumhachtaí chun dul i ngleic nó deireadh a chur le baic ar inréititheacht faoi Airteagal 16, nó cur i bhfeidhm birt luath-idirghabhála faoi Airteagal 18 den Rialachán seo;
|
|
Airteagal 2 (49)
|
ciallaíonn “ceart chun foirceanta” ceart chun conradh a fhoirceannadh, ceart chun oibleagáidí a luathú, a fhritháireamh nó a ghlanluacháil nó chun clabhsúr a chur ar oibleagáidí, nó aon fhoráil chomhchosúil lena ndéantar oibleagáid páirtí sa chonradh a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chur ar ceal, nó foráil lena gcuirtear cosc le teacht chun cinn oibleagáide faoin gconradh a thiocfadh chun cinn murach an fhoráil sin;
|
|
Airteagal 2 (50)
|
ciallaíonn “socrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil” socrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2002/47/CE;
|
|
Airteagal 2 (51)
|
ciallaíonn “banna faoi chumhdach” banna faoi chumhdach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21);
|
|
Airteagal 2 (52)
|
ciallaíonn “imeachtaí réitigh tríú tír” gníomhaíocht faoi dhlí tríú tír chun bainistiú a dhéanamh ar chliseadh CPL tríú tír atá inchomparáide, ó thaobh na gcuspóirí agus na dtorthaí tuartha de, le gníomhaíochtaí réitigh faoin Rialachán seo;
|
|
Airteagal 2 (53)
|
ciallaíonn “údaráis náisiúnta ábhartha” na húdaráis réitigh, na húdaráis inniúla nó na haireachtaí inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir leis an Rialachán seo nó de bhun Airteagal 3 de Threoir 2014/59/AE nó údaráis eile sna Ballstáit a bhfuil cumhachtaí acu i ndáil le sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais CPLanna tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh ina ndlínse féin;
|
|
Airteagal 2 (54)
|
ciallaíonn “údarás ábhartha tríú tír” údarás tríú tír atá freagrach as feidhmeanna a dhéanamh atá inchomparáide le feidhmeanna atá ag údaráis réitigh nó ag údaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|