3. Sula gcuirfear na huirlisí dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm, déanfaidh an t-údarás réitigh na nithe seo a leanas a fhorfheidhmiú:
|
(a)
|
aon chearta atá ann cheana agus atá gan chomhlíonadh de chuid an CPL, lena n-áirítear oibleagáidí conarthacha ar chomhaltaí imréitigh glaonna ar airgead tirim i gcomhair téarnaimh a shásamh, acmhainní breise a sholáthar don CPL, nó suíomhanna comhaltaí imréitigh mainneachtana a ghlacadh, bíodh sé trí cheant nó trí mhodh comhaontaithe eile i rialacha oibríochta an CPL;
|
|
(b)
|
aon oibleagáid chonarthach atá ann cheana agus atá gan íoc a chuirfidh ceangal ar pháirtithe cé is moite de chomhaltaí imréitigh aon chineál tacaíochta airgeadais a sholáthar.
|
Féadfaidh an t-údarás réitigh na hoibleagáidí conarthacha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a fhorfheidhmiú i bpáirt i gcás nach féidir na hoibleagáidí conarthacha sin a fhorfheidhmiú ina n-iomláine laistigh d’achar réasúnta ama.