4. Ní bheidh aon éileamh ag comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana in aon imeachtaí ina dhiaidh sin in aghaidh an CPL, nó in aghaidh an eintitis a thiocfaidh i gcomharbas air, a thiocfaidh as an laghdú ar oibleagáidí íocaíochta dá dtagraítear i mír 1.
Ní fhágfaidh an chéad fhomhír den mhír seo go gcoscfar ar údaráis réitigh a cheangal ar an CPL comhaltaí imréitigh a chúiteamh, i gcás ina bhfaighfear amach go sáraíonn leibhéal an laghdaithe atá bunaithe ar an luacháil shealadach dá dtagraítear in Airteagal 26(1) leibhéal an laghdaithe is gá bunaithe ar an luacháil chinntitheach dá dtagraítear in Airteagal 26(2).