+Airteagal 43 CPL idirlinne: ceanglais nós imeachta
---+Airteagal 43 1
---+Airteagal 43 2
---+Airteagal 43 3
---+Airteagal 43 4
---+Airteagal 43 5
---+Airteagal 43 6
---+Airteagal 43 7
|
Airteagal 43 CPL idirlinne: ceanglais nós imeachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 43 1
|
1. Comhlíonfaidh an CPL idirlinne na ceanglais uile seo a leanas:
|
(a)
|
iarrfaidh an CPL idirlinne faomhadh an údaráis réitigh i gcomhair na nithe uile seo a leanas:
|
(i)
|
rialacha corpraithe an CPL idirlinne;
|
|
(ii)
|
comhaltaí bhord an CPL idirlinne, i gcás nach mbeidh na comhaltaí sin ceaptha go díreach ag an údarás réitigh;
|
|
(iii)
|
freagrachtaí agus luach saothair chomhaltaí bhord an CPL idirlinne, i gcás nach gcinnfidh an t-údarás réitigh an luach saothair agus na freagrachtaí; agus
|
|
(iv)
|
straitéis agus próifíl riosca an CPL idirlinne; agus
|
(b)
|
glacfaidh an CPL idirlinne ar lámh údaruithe an CPL faoi réiteach chun na seirbhísí a sholáthar nó na gníomhaíochtaí a dhéanamh a bheidh de thoradh an aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 42(1) den Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
D’ainneoin phointe (b) den chéad fhomhír agus i gcás inar gá chun cuspóirí an réitigh a bhaint amach, féadfar an CPL idirlinne a údarú gan Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a chomhlíonadh ar feadh tréimhse ghearr ag tús a oibrithe. Chun na críche sin, cuirfidh an t-údarás réitigh iarraidh ar an údarú sin faoi bhráid an údaráis inniúil. Má chinneann an t-údarás inniúil an t-údarú sin a thabhairt, cuirfidh sé in iúl an tréimhse dá dtarscaoiltear an oibleagáid ar an CPL idirlinne ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a chomhlíonadh. Ní faide ná 12 mhí an tréimhse sin. Le linn na tréimhse sin, measfar gur CPL cáilitheach a bheidh sa CPL idirlinne, mar a shainmhínítear i bpointe (88) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 chun críocha an Rialacháin sin.
D’ainneoin na tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír, i gcás ceanglais stuamachta faoi Chaibidil III de Theideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní dhéanfar an tarscaoileadh ach ar feadh tréimhse suas le trí mhí. Féadfar síneadh ama a chur leis ar feadh tréimhse amháin nó dhá thréimhse eile suas le trí mhí más gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.
|
|
|
|
|
Airteagal 43 2
|
2. Faoi réir aon srianta arna bhforchur i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais nó rialacha iomaíochta náisiúnta, is é lucht bainistíochta an CPL idirlinne a oibreoidh an CPL idirlinne agus é mar chuspóir aige feidhmeanna criticiúla an CPL idirlinne a choinneáil ar bun agus an CPL idirlinne nó aon chuid de na sócmhainní, cearta, oibleagáidí agus dliteanais atá aige a dhíol le ceannaitheoir amháin nó níos mó ón earnáil phríobháideach. Déanfar an díolachán sin nuair is iomchuí na dálaí margaidh, agus laistigh den tréimhse a shonraítear i mír 5 agus, i gcás inarb infheidhme, i mír 6.
|
|
Airteagal 43 3
|
3. Déanfaidh an t-údarás réitigh cinneadh nach CPL idirlinne a thuilleadh é an CPL idirlinne de réir bhrí Airteagal 42(2) in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
tá na cuspóirí réitigh comhlíonta;
|
|
(b)
|
cumascann an CPL idirlinne le heintiteas eile;
|
|
(c)
|
ní chomhlíonann an CPL idirlinne na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 42(2) a thuilleadh;
|
|
(d)
|
díoladh an CPL idirlinne nó díoladh na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais nach mór ar fad atá aige i gcomhréir le míreanna 2 agus 4 den Airteagal seo;
|
|
(e)
|
téann an tréimhse a shonraítear i mír 5 den Airteagal seo nó, i gcás inarb infheidhme, i mír 6 den Airteagal seo, in éag;
|
|
(f)
|
socraíodh na conarthaí a d’imréitigh an CPL idirlinne, chuaigh siad in éag nó cuireadh clabhsúr orthu agus tá cearta agus oibleagáidí an CPL maidir leis na conarthaí sin glanta ina n-iomláine dá réir.
|
|
|
Airteagal 43 4
|
4. Sula ndíolfar an CPL idirlinne nó na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais atá aige, fógróidh an t-údarás réitigh na heilimintí atá ar fáil a bhfuil sé i gceist a dhíol, agus áiritheoidh sé go margófar go hoscailte agus go trédhearcach iad, agus nach dtabharfar bréagléiriú is ábhartha orthu.
Cuirfidh an t-údarás réitigh an díolachán dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcrích ar théarmaí tráchtála agus ní thabharfaidh sé buntáiste míchuí do cheannaitheoirí a d’fhéadfadh a bheith ann ná ní dhéanfaidh sé idirdhealú eatarthu.
|
|
Airteagal 43 5
|
5. Déanfaidh an t-údarás réitigh oibríocht an CPL idirlinne a fhoirceannadh dhá bhliain tar éis an dáta a dhéanfar an t-aistriú deireanach ón CPL faoi réiteach.
I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás réitigh oibríocht CPL idirlinne a fhoirceannadh, iarrfaidh sé ar an údarás inniúil údarú an CPL idirlinne a tharraingt siar.
|
|
Airteagal 43 6
|
6. Féadfaidh an t-údarás réitigh síneadh a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i mír 5 le haghaidh tréimhse bliana bhreise amháin nó níos mó i gcás inar gá an síneadh chun na torthaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) de mhír 3 a bhaint amach.
An cinneadh chun síneadh a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i mír 5, beidh sé réasúnaithe agus beidh measúnú mionsonraithe ann ar staid an CPL idirlinne maidir le dálaí agus ionchas ábhartha an mhargaidh.
|
|
Airteagal 43 7
|
7. I gcás ina ndéanfar oibríochtaí CPL idirlinne a fhoirceannadh sna cúinsí dá dtagraítear i bpointe (d) nó (e) de mhír 3, foirceannfar an CPL idirlinne faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.
Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, rachaidh aon fháltais arna nginiúint de thoradh fhoirceannadh an CPL idirlinne chun sochair dá scairshealbhóirí.
I gcás ina mbainfear úsáid as CPL idirlinne chun sócmhainní agus dliteanais níos mó ná aon CPL faoi réiteach amháin a aistriú, sannfar na fáltais dá dtagraítear sa dara fomhír trí thagairt do na sócmhainní agus na dliteanais ó gach ceann de na CPLanna faoi réiteach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|