+Airteagal 6 3

Airteagal 6 3

3.   Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (d), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

(a)

déanann ardbhainistíocht na hinstitiúide bearta ceartaitheacha iomchuí i gcás ina sainaithneoidh aon cheann de na páirtithe seo a leanas laigí sa tsamhail tomhais riosca inmheánach nó sa tsamhail inmheánach maidir leis an riosca mainneachtana:

(i)

an t-aonad rialaithe riosca;

(ii)

na páirtithe cáilithe a gcuirtear bailíochtú na samhla inmheánaí de chúram orthu (‘feidhm an bhailíochtaithe’);

(iii)

feidhm an iniúchta inmheánaigh;

(iv)

aon fheidhm rialaithe eile de chuid na hinstitiúide;

(b)

cuirtear ardbhainistíocht na hinstitiúide ar an eolas, agus déanann sí bearta leantacha, maidir leis na moltaí a dhéanann an t-iniúchadh inmheánach, an t-aonad rialaithe riosca agus feidhm an bhailíochtaithe i ndáil leis an tsamhail tomhais riosca inmheánach nó an tsamhail inmheánach maidir leis an riosca mainneachtana;

(c)

tá ardbhainistíocht na hinstitiúide in ann cáilíocht fhoriomlán rialachas na hinstitiúide ar luacháil na suíomhanna a áirítear sa tsamhail tomhais riosca inmheánach nó sa tsamhail inmheánach maidir leis an riosca mainneachtana a áirithiú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas