+Airteagal 6 Measúnú ar leordhóthanacht chomhdhéanamh agus ról an chomhlachta bainistíochta agus na hardbhainistíochta
---+Airteagal 6 1
---+Airteagal 6 2
---+Airteagal 6 3
---+Airteagal 6 4
|
Airteagal 6 Measúnú ar leordhóthanacht chomhdhéanamh agus ról an chomhlachta bainistíochta agus na hardbhainistíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1
|
1. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht chomhdhéanamh agus ról na hardbhainistíochta agus an chomhlachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:
|
(a)
|
a fhíorú cé acu a thugann nó nach dtugann an institiúid tuairisc, ina doiciméadacht ar an gcóras bainistithe riosca, ar an méid seo a leanas:
|
(i)
|
comhdhéanamh, róil agus freagrachtaí an chomhlachta bainistíochta agus na hardbhainistíochta;
|
|
(ii)
|
róil agus freagrachtaí gach comhalta den chomhlacht bainistíochta agus den ardbhainistíocht;
|
|
|
(b)
|
a fhíorú cé acu a chuimsítear nó nach gcuimsítear leis an ardbhainistíocht comhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar na leibhéil ordlathais is airde faoin gcomhlacht bainistíochta, agus cé acu atá nó nach bhfuil freagracht shainithe aici as feidhmiú cuí na samhla inmheánaí maidir le riosca margaidh;
|
|
(c)
|
a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil comhdhéanamh aon struchtúir coistí inmheánacha arna bhunú ag an gcomhlacht bainistíochta chun tacú lena chinnteoireacht leordhóthanach, mar a cheanglaítear le mír 2;
|
|
(d)
|
a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil ról na hardbhainistíochta leordhóthanach, mar a cheanglaítear le mír 3;
|
|
(e)
|
a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil ról an chomhlachta bainistíochta, agus ról na gcoistí arb é atá iontu an struchtúr coistí inmheánacha dá dtagraítear i bpointe (c), leordhóthanach mar a cheanglaítear le mír 4.
|
I gcás ina ndéanfaidh comhlacht bainistíochta institiúide aon cheann dá chúraimí a tharmligean chuig coiste inmheánach, déanfaidh na húdaráis inniúla, i gcomhthéacs na gcúraimí tarmligthe sin, na measúnuithe a cheanglaítear leis an Rialachán seo ar leibhéal an choiste inmheánaigh arna ainmniú ag an gcomhlacht bainistíochta.
|
|
Airteagal 6 2
|
2. Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (c), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(a)
|
i gcás gach coiste den struchtúr coistí inmheánacha, tá leagtha amach go soiléir ag an gcomhlacht bainistíochta a shainordú, a ordlathas, a línte tuairiscithe, a chomhaltaí buana, minicíocht a chruinnithe agus a leibhéil freagrachta;
|
|
(b)
|
sa struchtúr coistí inmheánacha tá coiste a dhéanann measúnú ar aon táirge nua, a mholann na táirgí sin don ardbhainistíocht lena bhformheas agus a dhéanann faireachán ar na táirgí sin agus ar cé acu atá nó nach bhfuil ionadaíocht ar choiste den sórt sin ag an aonad rialaithe riosca, agus ag aon fheidhm eile de chuid na hinstitiúide dá ndéanann tabhairt isteach táirge nua difear;
|
|
(c)
|
tugann an rialachas atá mar bhonn taca faoin struchtúr coistí inmheánacha caoi don rialú éifeachtach tráthúil ar gach teorainn suímh inmheánach dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(d)
|
áirithíonn an rialachas atá mar bhonn taca faoin struchtúr coistí inmheánacha go bhfuil baint ghníomhach ag an gcomhlacht bainistíochta sa phróiseas rialaithe riosca mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bi(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(e)
|
mar chuid den doiciméadacht inmheánach, rinne an institiúid doiciméadú ar na gnéithe uile dá dtagraítear i bpointe (a).
|
|
|
Airteagal 6 3
|
3. Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (d), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(a)
|
déanann ardbhainistíocht na hinstitiúide bearta ceartaitheacha iomchuí i gcás ina sainaithneoidh aon cheann de na páirtithe seo a leanas laigí sa tsamhail tomhais riosca inmheánach nó sa tsamhail inmheánach maidir leis an riosca mainneachtana:
|
(i)
|
an t-aonad rialaithe riosca;
|
|
(ii)
|
na páirtithe cáilithe a gcuirtear bailíochtú na samhla inmheánaí de chúram orthu (‘feidhm an bhailíochtaithe’);
|
|
(iii)
|
feidhm an iniúchta inmheánaigh;
|
|
(iv)
|
aon fheidhm rialaithe eile de chuid na hinstitiúide;
|
|
|
(b)
|
cuirtear ardbhainistíocht na hinstitiúide ar an eolas, agus déanann sí bearta leantacha, maidir leis na moltaí a dhéanann an t-iniúchadh inmheánach, an t-aonad rialaithe riosca agus feidhm an bhailíochtaithe i ndáil leis an tsamhail tomhais riosca inmheánach nó an tsamhail inmheánach maidir leis an riosca mainneachtana;
|
|
(c)
|
tá ardbhainistíocht na hinstitiúide in ann cáilíocht fhoriomlán rialachas na hinstitiúide ar luacháil na suíomhanna a áirítear sa tsamhail tomhais riosca inmheánach nó sa tsamhail inmheánach maidir leis an riosca mainneachtana a áirithiú.
|
|
|
Airteagal 6 4
|
4. Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (e), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas maidir leis an gcomhlacht bainistíochta:
|
(a)
|
ar bhonn togra ón aonad rialaithe riosca, formheasann sé na beartais ábhartha agus na nósanna imeachta uile a bhaineann le cur chun feidhme na samhla inmheánaí, lena n-áirítear an struchtúr eagraíochtúil iomchuí, chun a áirithiú go gcuirtear an tsamhail inmheánach chun feidhme ina hiomláine;
|
|
(b)
|
ar bhonn togra ón aonad rialaithe riosca agus tar éis breithniú cuí a dhéanamh ar na conclúidí agus na moltaí a leanann as an bpróiseas bailíochtaithe, formheasann sé na modheolaíochtaí maidir le measúnú a dhéanamh ar riosca margaidh a chuirtear i bhfeidhm sa tsamhail inmheánach;
|
|
(c)
|
ar bhonn measúnú ón aonad rialaithe riosca agus tar éis breithniú cuí a dhéanamh ar na conclúidí agus na moltaí a leanann as an bpróiseas bailíochtaithe, formheasann sé aon táirge nua;
|
|
(d)
|
ar bhonn togra ón aonad rialaithe riosca, formheasann sé na teorainneacha suímh inmheánacha agus tugann cothrom le dáta iad;
|
|
(e)
|
ar bhonn togra ón aonad rialaithe riosca, lena leagtar síos an leibhéal riosca is inghlactha agus lena ndéantar measúnú air, formheasann sé an leibhéal riosca is inghlactha, an leithdháileadh caipitil inmheánach agus an buiséad de réir deasc thrádála;
|
|
(f)
|
glacann sé an nós imeachta formheasa um sháruithe ar theorainneacha suímh inmheánacha;
|
|
(g)
|
formheasann nó ceanglaíonn sé bearta ceartaitheacha i ndáil le sáruithe ar na teorainneacha suímh inmheánacha arna ngéarú ag an aonad rialaithe riosca i gcomhréir le hAirteagal 16(1), pointe (b);
|
|
(h)
|
ar bhonn togra ón aonad rialaithe riosca:
|
(i)
|
formheasann sé an clár tástála struis;
|
|
(ii)
|
pléann sé torthaí na dtástálacha struis;
|
|
(iii)
|
déanann sé measúnú ar ghníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh, agus i gcás inar gá, déanann sé bearta ceartaitheacha.
|
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|