6. Chun críocha mhír 2, pointe (b), ar shampla de shuíomhanna leabhair neamhthrádála agus ar dháta tagartha le haghaidh ríomh an bhirt riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk den Rialachán sin, féadfaidh na húdaráis inniúla an modh measúnúcháin seo a leanas a chur i bhfeidhm:
|
(a)
|
é a cheangal ar an institiúid an liosta de na nithe seo a leanas a sholáthar:
|
(i)
|
fachtóirí riosca a úsáidtear mar ionchuir chun an cóirluach atá ina bhonn le haghaidh ríomh na gceanglas cistí dílse a chinneadh de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577;
|
|
(ii)
|
as na fachtóirí riosca a áirítear sa liosta dá dtagraítear i bpointe (i), na fachtóirí riosca sin a gcuireann an institiúid cásanna de shuaitheadh amach anseo i bhfeidhm maidir leo le haghaidh ríomh an bhirt riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó i ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk den Rialachán sin;
|
|
|
(b)
|
é a cheangal ar an institiúid luach na bhfachtóirí riosca dá dtagraítear i bpointe (a) a sholáthar ar na dátaí seo a leanas:
|
(i)
|
an dáta ar ar cinneadh an cóirluach deiridh a bhí ar fáil;
|
|
(ii)
|
an dáta tagartha ar leith le haghaidh ríomh an bhirt riosca easnaimh ionchasaigh nó le haghaidh ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis;
|
|
|
(c)
|
a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(i)
|
i gcás suíomhanna nach n-úsáidtear an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 3(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577 ina leith, ní dhearnadh luach na bhfachtóirí riosca nach léiríonn riosca malairte eachtraí a thabhairt cothrom le dáta idir an dá dháta dá dtagraítear i bpointí (b)(i) agus (b)(ii);
|
|
(ii)
|
i gcás suíomhanna a n-úsáidtear an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 3(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577 ina leith, rinneadh luach na bhfachtóirí riosca uile a thabhairt cothrom le dáta idir an dá dháta dá dtagraítear i bpointí (b)(i) agus (b)(ii);
|
|
(iii)
|
ní bhaineann na fachtóirí riosca dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) ach le riosca malairte eachtraí, gan beann ar cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 3(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1577.
|
|