+RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/856 ÓN gCOIMISIÚN an 1 Nollaig 2023 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na cásanna maoirseachta suaite, na toimhdí coiteanna samhaltaithe agus paraiméadracha agus cad is meath mór ann (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Preamble: 1
---+Airteagal 1 Cásanna maoirseachta suaite
------+Airteagal 1 1
------+Airteagal 1 2
------+Airteagal 1 3
------+Airteagal 1 4
---+Airteagal 2 Cásanna maoirseachta suaite a shonrú
------+Airteagal 2 (1)
------+Airteagal 2 (2)
------+Airteagal 2 (3)
------+Airteagal 2 (4)
---+Airteagal 3 Athruithe ar luach eacnamaíoch cothromais na hinstitiúide
------+Airteagal 3 1
------+Airteagal 3 2
------+Airteagal 3 3
------+Airteagal 3 4
------+Airteagal 3 5
------+Airteagal 3 6
------+Airteagal 3 7
------+Airteagal 3 8
------+Airteagal 3 9
------+Airteagal 3 10
---+Airteagal 4 Athruithe ar ghlanioncam úis na hinstitiúide
------+Airteagal 4 1
------+Airteagal 4 2
------+Airteagal 4 3
------+Airteagal 4 4
---+Airteagal 5 Meath mór
------+Airteagal 5 1
------+Airteagal 5 2
---+Airteagal 6 Teacht i bhfeidhm
---+IARSCRÍBHINN
English - European Union - Financial Industry - Banking -

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/856 ÓN gCOIMISIÚN an 1 Nollaig 2023 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na cásanna maoirseachta suaite, na toimhdí coiteanna samhaltaithe agus paraiméadracha agus cad is meath mór ann (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/856 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Nollaig 2023

lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na cásanna maoirseachta suaite, na toimhdí coiteanna samhaltaithe agus paraiméadracha agus cad is meath mór ann

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Preamble: 1

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (1), agus go háirithe Airteagal 98(5a), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá na cásanna maoirseachta suaite sonraithe ag Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) (2) agus léirítear iad i dTreoirlínte an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh maidir le bainistiú riosca ráta úis a eascraíonn as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála (3) a bhfuil feidhm acu ón 30 Meitheamh 2019 ar aghaidh. Is iomchuí go gcuirfeadh na cásanna maoirseachta suaite a leagtar amach sa Rialachán seo leis an tsonraíocht agus leis an modheolaíocht sin.

(2)

Maidir leis na toimhdí coiteanna samhaltaithe agus paraiméadracha ba cheart do na hinstitiúidí a úsáid, ní mór iad a shonrú chun an luach eacnamaíoch cothromais agus an glanioncaim úis a ríomh. Chuige sin, chun an glanioncam úis a ríomh, ba cheart toimhde cláir chomhardaithe seasmhach thar thréimhse bliana a úsáid, agus, chun an luach eacnamaíoch cothromais a ríomh, ba cheart toimhde cláir chomhardaithe faoi leachtú nádúrtha a úsáid i gcás nach ndéantar suíomhanna atá ag teacht in aibíocht a ionadú. Is é is aidhm do na toimhdí sin cothromaíocht mhaith a sholáthar maidir le cruinneas ríomha, iontaofacht na meastachán agus castacht oibríochtúil.

(3)

Chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir inchomparáideacht na dtorthaí a áirithiú agus an tsolúbthacht is gá mar gheall ar an tréimhse fhadtéarmach agus ar an gcastacht oibríochtúil bhunúsach a sholáthar, ba cheart corrlaigh tráchtála agus comhpháirteanna raon difríochta a áireamh agus an glanioncam úis á ríomh, ach chun an luach eacnamaíoch cothromais a ríomh, ba cheart d’institiúidí feidhmiú i gcomhréir lena gcur chuige inmheánach maidir le bainistiú agus tomhas le haghaidh riosca ráta úis sa leabhar neamhthrádála.

(4)

De réir chaighdeáin CBMB, aon tástáil asluiteach arna sainordú de bhreis ar an tástáil ar an luach eacnamaíoch cothromais, ba cheart tairseach a úsáid ina leith chun bainc asluiteach a shainaithint, ar tairseach í atá chomh dian céanna ar a laghad leis an tairseach a chuirtear i bhfeidhm ar an tástáil ar an luach eacnamaíoch cothromais (15 % de chaipiteal Leibhéal 1). Ba cheart an timpeallacht atá ann faoi láthair a léiriú leis an tairseach sin ar bhealach comhréireach atá fónta ó thaobh stuamachta de, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le deimhneacht dhlíthiúil agus comhchuibhiú a bhaint amach ar fud an Aontais, ag féachaint freisin don fhíoras nach gá go gceanglóidh sárú na dtairseach le haghaidh luach eacnamaíoch cothromais agus tástálacha asluiteach ar ghlanioncam úis ar institiúidí a socruithe, a bpróisis nó a sásraí inmheánacha agus a samhlacha agus a gcineálacha cur chuige comhfhreagracha a athchalabrú, ná nach gá go mbeidh feidhmiú uathoibríoch cumhachtaí maoirseachta i gceist leis an sárú sin, i gcás ina mbeidh bainistiú na hinstitiúide ar an riosca ráta úis a eascraíonn as gníomhaíochtaí leabhair neamhthrádála leordhóthanach ná comhréireach leis an tsamhail ghnó agus i gcás nach mbeidh an institiúid neamhchosanta go hiomarcach ar riosca den sórt sin.

(5)

Chun modheolaíochtaí comhchuibhithe a áirithiú le haghaidh na tástála maoirseachta asluiteach ar a bhfuil i gceist le meath mór ar ghlanioncam úis mar thoradh ar athrú tobann gan choinne ar rátaí úis, ba cheart tairseach thagartha a thabhairt isteach atá chomh dian céanna ar a laghad leis an tairseach don tástáil maoirseachta asluiteach ar an luach eacnamaíoch cothromais chomh maith le sonraíocht maidir le ríomh an ghlanioncaim úis.

(6)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(7)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúchán poiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN

Airteagal 1 Cásanna maoirseachta suaite
Airteagal 2 Cásanna maoirseachta suaite a shonrú

Maidir le gach airgeadra c, i bhfianaise mhéid sonraithe na suaití comhthreomhara, gearra agus fada a ghabhann leis an ráta úis ‘saor ó riosca’, déanfar na paraiméadrúcháin seo a leanas de chuid na sé chás maoirseachta suaite a chur i bhfeidhm:

Airteagal 3 Athruithe ar luach eacnamaíoch cothromais na hinstitiúide
Airteagal 4 Athruithe ar ghlanioncam úis na hinstitiúide
Airteagal 5 Meath mór
Airteagal 6 Teacht i bhfeidhm

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 176, 27.6.2013, lch. 338.

(2)  SRP – Próiseas athbhreithnithe maoirseachta – SRP31 – Riosca ráta úis sa leabhar baincéireachta (nasc).

(3)  ÚBE/GL/2018/02 an 18 Iúil 2018 (nasc).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(6)  6 Rialachán (AE) Tarmligthe ón gCoimisiún 2024/857 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear modheolaíocht chaighdeánaithe agus modheolaíocht chaighdeánaithe shimplithe chun meastóireacht a dhéanamh ar rioscaí a eascraíonn as athruithe féideartha i rátaí úis a dhéanann difear do luach eacnamaíoch cothromais agus do ghlanioncam úis gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála institiúide araon (IO L, 2024/857, 24.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/857/oj).

IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN

Cuid A: Suaití ráta úis

Formula

 

ARS

AUD

BGN

BRL

CAD

CHF

CNY

CZK

DKK

EUR

GBP

Comhthreomhar

400

300

250

400

200

100

250

200

200

200

250

Gearr

500

450

350

500

300

150

300

250

250

250

300

Fada

300

200

150

300

150

100

150

100

150

100

150


 

HKD

HUF

IDR

INR

JPY

KRW

MXN

PLN

RON

RUB

SAR

Comhthreomhar

200

300

400

400

100

300

400

250

350

400

200

Gearr

250

450

500

500

100

400

500

350

500

500

300

Fada

100

200

350

300

100

200

300

150

250

300

150


 

SEK

SGD

TRY

USD

ZAR

Comhthreomhar

200

150

400

200

400

Gearr

300

200

500

300

500

Fada

150

100

300

150

300


ARS

Peso na hAirgintíne

INR

Rúipí na hIndia

AUD

Dollar na hAstráile

JPY

Yen na Seapáine

BGN

Lev na Bulgáire

KRW

Won na Cóiré Theas

BRL

Real na Brasaíle

MXN

Peso Mheicsiceo

CAD

Dollar Cheanada

PLN

Zloty na Polainne

CHF

Franc na hEilvéise

RON

Leu na Rómáine

CNY

Yuan na Síne

RUB

Rúbal na Rúise

CZK

Koruna Phoblacht na Seice

SAR

Riyal na hAraibe Sádaí

DKK

Krone na Danmhairge

SEK

Krona na Sualainne

EUR

An Euro

SGD

Dollar Shingeapór

GBP

Punt steirling

TRY

Lira na Tuirce

HKD

Dollar Hong Cong

USD

Dollar na Stát Aontaithe

HUF

Forint na hUngáire

ZAR

Rand na hAfraice Theas

IDR

Rupiah na hIndinéise

 

 

Cuid B: Suaití ráta úis a chalabrú le haghaidh airgeadraí nach dtagraítear dóibh i gCuid A

(1)

Déanfaidh institiúidí an meánráta úis laethúil a ríomh ar dtús trí amshraith 16 bliana de rátaí úis laethúla ‘saor ó riosca’ a bhailiú, gan raonta difríochta creidmheasa ná raonta difríochta leachtachta atá sonrach ó thaobh ionstraime nó eintitis de, do gach airgeadra maidir leis na haibíochtaí 3M, 6M, 1Y, 2Y, 5Y, 7Y, 10Y, 15Y agus 20Y agus ansin ríomhfaidh siad an meánráta úis uimhríochtúil maidir le gach airgeadra c thar na barúlacha uile san amshraith agus maidir leis na haibíochtaí uile. Is é an toradh a bheidh air sin beart aonair in aghaidh an airgeadra.

(2)

I gcás ina bhfuil an meánráta úis arna ríomh i gcomhréir le pointe (1) don chéad 7 mbliana níos mó ná 700 bonnphointe, úsáidfear na sonraí ó na 10 mbliana is déanaí, faoi réir infhaighteacht sonraí. I gcás ina bhfuil an meánráta úis arna ríomh i gcomhréir le pointe (1) don chéad seacht mbliana cothrom le nó níos lú ná 700 bonnphointe, úsáidfear an t-amshraith sonraí 16 bliana ina hiomláine.

(3)

Déanfar an suaitheadh ráta úis comhthreomhar, gearr agus fada de réir airgeadra a dhíorthú ón bparaiméadar suaite domhanda ábhartha ó Thábla 1 a chur i bhfeidhm ar an meánráta úis arna ríomh i gcomhréir le pointe (1) agus pointe (2).

Tábla 1.

Paraiméadair bhonnlíne maidir le suaitheadh ar ráta úis domhanda

Comhthreomhar

Formula

60 %

Gearr

Formula

85 %

Fada

Formula

40 %

(4)

Cuirfidh institiúidí íosráta 100 bonnphointe i bhfeidhm chomh maith le huasteorainneacha inathraithe de 500 bonnphointe don suaitheadh gearrthéarmach, 400 bonnphointe don suaitheadh comhthreomhar agus 300 bonnphointe don suaitheadh fadtéarmach, faoi seach.

(5)

Déanfar an tacar suaití ráta úis de réir airgeadra a shlánú ansin go dtí an 50 bonnphointe is gaire.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas