+Airteagal 1 Cásanna maoirseachta suaite
---+Airteagal 1 1
---+Airteagal 1 2
---+Airteagal 1 3
---+Airteagal 1 4

Airteagal 1 Cásanna maoirseachta suaite

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 1

1.   Is iad seo a leanas na sé chás maoirseachta suaite dá dtagraítear in Airteagal 98(5), an dara fomhír, pointe (a), de Threoir 2013/36/AE:

(a)

suaitheadh comhthreomhar aníos, i gcás ina bhfuil athrú comhthreomhar aníos ar an gcuar toraidh agus an suaitheadh ráta úis deimhneach céanna ann le haghaidh gach aibíochta;

(b)

suaitheadh comhthreomhar anuas, i gcás ina bhfuil athrú comhthreomhar anuas ar an gcuar toraidh agus an suaitheadh ráta úis diúltach céanna ann le haghaidh gach aibíochta;

(c)

suaitheadh géaróra, i gcás ina bhfuil athrú géar ar an gcuar toraidh agus suaití ráta úis diúltacha ann d’aibíochtaí níos giorra agus suaití ráta úis deimhneacha ann d’aibíochtaí níos faide;

(d)

suaitheadh cothromóra, i gcás ina bhfuil athrú cothromaithe ar an gcuar toraidh agus suaití ráta úis deimhneacha ann d’aibíochtaí níos giorra agus suaití ráta úis diúltacha ann d’aibíochtaí níos faide;

(e)

suaitheadh rátaí gearra aníos, agus suaitheadh ráta úis deimhneacha níos mó ann d’aibíochtaí níos giorra chun teacht le chéile leis an mbonnlíne le haghaidh aibíochtaí níos faide;

(f)

suaitheadh rátaí gearra anuas, agus suaitheadh ráta úis diúltacha níos mó ann le haghaidh aibíochtaí níos giorra chun teacht le chéile leis an mbonnlíne le haghaidh aibíochtaí níos faide.

Airteagal 1 2

2.   Is iad seo a leanas an dá chás maoirseachta suaite dá dtagraítear in Airteagal 98(5), an dara fomhír, pointe (b), de Threoir 2013/36/AE:

(a)

suaitheadh comhthreomhar aníos, i gcás ina bhfuil athrú comhthreomhar aníos ar an gcuar toraidh agus na suaití ráta úis deimhneacha céanna ann le haghaidh gach aibíochta;

(b)

suaitheadh comhthreomhar anuas, i gcás ina bhfuil athrú comhthreomhar anuas ar an gcuar toraidh agus na suaití ráta úis diúltacha céanna ann le haghaidh gach aibíochta.

Airteagal 1 3

3.   Cinnfidh institiúidí na cásanna maoirseachta suaite dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar bhonn na suaití ráta úis a bhaineann go sonrach le hairgeadra a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn nó, i gcás na n-airgeadraí nach sonraítear inti, ar bhonn suaití ráta úis arna gcalabrú i gcomhréir le Cuid B den Iarscríbhinn.

Déanfaidh institiúidí calabrú gach cúig bliana ar a laghad ar shuaití ráta úis i gcomhréir le Cuid B den Iarscríbhinn.

Airteagal 1 4

4.   Beidh feidhm ag na cásanna maoirseachta suaite dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 maidir le neamhchosaint institiúidí ar an riosca ráta úis a eascraíonn as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála atá ainmnithe i ngach airgeadra ar leithligh a bhfuil suíomhanna ábhartha ag an institiúid ina leith, i.e. i gcás inarb ionann luach cuntasaíochta na sócmhainní airgeadais nó na ndliteanas airgeadais atá ainmnithe san airgeadra sin agus i gceachtar díobh seo a leanas:

(a)

5 % nó níos mó de na sócmhainní nó na dliteanais airgeadais leabhair neamhthrádála iomlána;

(b)

níos lú ná 5 % de na sócmhainní nó na dliteanais airgeadais leabhair neamhthrádála iomlána má tá suim na sócmhainní airgeadais nó na ndliteanas airgeadais a áirítear sa ríomh níos ísle ná 90 % de na sócmhainní airgeadais leabhair neamhthrádála iomlána, cé is moite de shócmhainní inláimhsithe, nó de na dliteanais airgeadais leabhair neamhthrádála iomlána.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas