+Airteagal 501c 1.

Airteagal 501c 1.

Déanfaidh ÚBE, i ndiaidh dó dul i gcomhairle le BERS, ar bhonn na sonraí atá ar fáil, measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil coigeartú le déanamh ar an láimhseáil thiomnaithe stuamachta neamhchosaintí a bhaineann le sócmhainní nó dliteanais, faoi réir thionchar na dtosca comhshaoil nó sóisialta. Déanfaidh ÚBE an méid a leanas a mheas go háirithe:

(a) 

infhaighteacht agus inrochtaineacht sonraí iontaofa comhsheasmhacha CSR maidir le gach aicme neamhchosanta arna cinneadh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II;

(b) 

i gcomhairle le ÚEÁPC, a indéanta atá sé modheolaíocht chaighdeánaithe a thabhairt isteach chun na neamhchosaintí a shainaithint agus a cháiliú i gcás gach aicme neamhchosanta arna cinneadh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, bunaithe ar shraith choiteann prionsabal d’aicmiú riosca CSR, agus úsáid á baint as an bhfaisnéis maidir le táscairí riosca aistrithe agus riosca fisiciúla arna gcur ar fáil trí chreataí tuairiscithe nochta inbhuanaitheachta arna nglacadh san Aontas agus, i gcás ina bhfuil fáil orthu go hidirnáisiúnta, an treoir agus na conclúidí a thagann as na tástálacha struis maoirseachta nó an anailís ar chnámha scéil i ndáil le rioscaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid arna ndéanamh ag ÚBE nó ag na húdaráis inniúla agus, i gcás ina léirítear go hiomchuí na rioscaí CSR, scór ábhartha CSR na rátála riosca creidmheasa arna déanamh ag IMCS ainmnithe;

(c) 

méid riosca iarbhír na neamhchosaintí a bhaineann le sócmhainní agus gníomhaíochtaí atá faoi réir thionchar na dtosca comhshaoil nó sóisialta i gcomparáid le méid riosca neamhchosaintí eile agus na hathbhreithnithe breise agus níos cuimsithí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcreat ar cheart iad a mheas, agus na forbairtí arna gcomhaontú ar an leibhéal idirnáisiúnta ag CBMB á gcur san áireamh;

(d) 

iarmhairtí féideartha gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha láimhseála stuamachta tiomnaithe coigeartaithe le haghaidh neamhchosaintí a bhaineann le sócmhainní agus gníomhaíochtaí atá faoi réir thionchar na dtosca comhshaoil nó sóisialta ar chobhsaíocht airgeadais agus iasachtú bainc san Aontas;

(e) 

na feabhsuithe spriocdhírithe a d’fhéadfaí a bhreithniú laistigh den chreat stuamachta atá ann faoi láthair.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas