+Airteagal 510 4.

Airteagal 510 4.

Déanfaidh UBÉ faireachán ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh chun an ►C12  riosca ◄ cistiúcháin a chumhdach a bhaineann leis na conarthaí díorthach a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa in imeacht thréimhse aon bhliana an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí, go háirithe ►C12  riosca ◄ cistiúcháin todhchaíoch na gconarthaí díorthacha sin a leagtar amach i mír 428s(2) agus mír 428at(2) d'Airteagal 428, agus cuirfidh sé tuarascáil chuig an gCoimisiún faoin deis fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh níos airde nó beart atá níos íogaire ó thaobh ►C12  riosca ◄ de a ghlacadh faoin 28 Meitheamh 2024. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a) 

an deis idirdhealú a dhéanamh ar chonarthaí díorthach atá faoi chumhdach corrlaigh nó gan cumhdach corrlaigh;

(b) 

an deis an ceanglas a leagtar amach i mír 428s(2) agus 428at(2) d'Airteagal 428 a bhaint, a mhéadú nó a ionadú;

(c) 

an deis athrú a dhéanamh ar bhonn níos leithne ar láimhseáil conarthaí díorthach i dtaca le ríomh an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí, mar a leagtar amach in Airteagal 428k(4), 428s(2), pointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 428ag; Airteagal 428ah(2), Airteagal 428al(4), Airteagal 428al(4), Airteagal 428at(2), pointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 428ay agus ag Airteagal 428az(2) agus chun an ►C12  riosca ◄ cistiúcháin a bhaineann leis na conarthaí sin in imeacht thréimhse aon bhliana an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí a léiriú ar bhealach níos fearr;

(d) 

an tionchar a bheadh ag na hathruithe sin atá beartaithe ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí a theastaíonn le haghaidh chonarthaí díorthach na n-institiúidí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas