|
+Airteagal 18a 1. |
Airteagal 18a 1.Ón 10 Eanáir 2028, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2), Airteagal 4(1), (3), (4) agus (5), Airteagail 5(1) agus 10(1) den Rialachán seo á poibliú acu, déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
). Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
(a)
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;
(b)
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)
ainmneacha uile an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais nó ainmneacha uile an chomhairleora airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis;
(ii)
i gcás daoine dlítheanacha, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais nó aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an chomhairleora airgeadais mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(iii)
i gcás daoine dlítheanacha, méid na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nó méid na gcomhairleoirí airgeadais, de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;
(iv)
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
(v)
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|