+Airteagal 18a Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
---+Airteagal 18a 1.
---+Airteagal 18a 2.
---+Airteagal 18a 3.
---+Airteagal 18a 4.
---+Airteagal 18a 5.

Airteagal 18a Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18a 1.
Ón 10 Eanáir 2028, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2), Airteagal 4(1), (3), (4) agus (5), Airteagail 5(1) agus 10(1) den Rialachán seo á poibliú acu, déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ).

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a) 

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b) 

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i) 

ainmneacha uile an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais nó ainmneacha uile an chomhairleora airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii) 

i gcás daoine dlítheanacha, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais nó aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an chomhairleora airgeadais mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii) 

i gcás daoine dlítheanacha, méid na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nó méid na gcomhairleoirí airgeadais, de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv) 

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v) 

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

Airteagal 18a 2.
Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais ar daoine dlítheanacha iad aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.
Airteagal 18a 3.
Faoin 9 Eanáir 2028, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.
Airteagal 18a 4.

Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b) 

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c) 

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ÚMEnna measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh siad tástálacha allamuigh iomchuí chun na críche sin.

Cuirfidh ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 18a 5.
I gcás inar gá, déanfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, treoirlínte a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 4, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas