|
+Airteagal 24 9. |
Airteagal 24 9.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
an modh ríofa, lena n-áirítear foinsí féideartha sonraí, atá le húsáid chun an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo a chinneadh;
(b)
na critéir chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an sroicheann tagarmharc an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo;
(c)
an fhaisnéis a bhfuil sé d’oibleagáid ar na húdaráis inniúla a sholáthar agus iad ag dul i gcomhairle le ÚEUM mar a cheanglaítear de bhun mhír 3 den Airteagal seo;
(d)
na critéir dá dtagraítear i mír 4, pointe (b), den Airteagal seo, agus aon sonraí á gcur san áireamh lena gcabhraítear le measúnú a dhéanamh ar cibé acu is suntasach agus díobhálach nó nach suntasach agus díobhálach an tionchar ag scor an tagarmhairc nó neamhiontaofacht an tagarmhairc ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólachtaí i mBallstát amháin nó níos mó. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|