+Airteagal 9 Cead sonrach chun SS DLT a oibriú
---+Airteagal 9 1
---+Airteagal 9 2
---+Airteagal 9 3
---+Airteagal 9 4
---+Airteagal 9 5
---+Airteagal 9 6
---+Airteagal 9 7
---+Airteagal 9 8
---+Airteagal 9 9
---+Airteagal 9 10
---+Airteagal 9 11
---+Airteagal 9 12
---+Airteagal 9 13
|
Airteagal 9 Cead sonrach chun SS DLT a oibriú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1
|
1. Féadfaidh duine dlítheanach a údaraítear mar CSD faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 iarratas a chur isteach ar chead sonrach SS DLT a oibriú faoin Rialachán seo.
|
|
Airteagal 9 2
|
2. I gcás ina ndéanfaidh duine dlítheanach iarratas ar údarú mar CSD faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus go comhuaineach ina ndéanfaidh sé iarratas ar chead sonrach faoin Airteagal seo, chun SS DLT a oibriú, agus chun na críche sin amháin, ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil a mheas an gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais sin de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a ndearnadh an t-iarratasóir iarraidh ar dhíolúine ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 9 3
|
3. Más rud é, mar a thagraítear dó i mír 2 den Airteagal seo, ina ndéanfaidh duine dlítheanach iarratas go comhuaineach ar údarú mar CSD agus ar iarratas ar chead sonrach, cuirfidh sé isteach ina iarratas an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, seachas faisnéis a bheadh riachtanach chun comhlíonadh na ceanglais ar iarr an t-iarratasóir díolúine ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo a léiriú.
|
|
Airteagal 9 4
|
4. Beidh an fhaisnéis seo a leanas in iarratas ar chead sonrach chun SS DLT a oibriú faoin Rialachán seo:
|
(a)
|
plean gnó an iarratasóra, rialacha SS DLT agus aon téarmaí dlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1), chomh maith leis an bhfaisnéis maidir le feidhmiú, seirbhísí agus gníomhaíochtaí SS DLT dá dtagraítear in Airteagal 7(3);
|
|
(b)
|
tuairisc ar fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáidtear, dá dtagraítear in Airteagal 7(2);
|
|
(c)
|
tuairisc ar shocruithe teicneolaíochta faisnéise agus cibearshocruithe foriomlána an iarratasóra dá dtagraítear in Airteagal 7(4);
|
|
(d)
|
fianaise go bhfuil coimircí stuamachta curtha i bhfeidhm ag an iarratasóir chun freastal ar a chuid dliteanas agus chun cúiteamh a thabhairt dá chliaint, dá dtagraítear in Airteagal 7(6), an tríú fomhír;
|
|
(e)
|
i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na socruithe slánchoinneála maidir le hionstraimí airgeadais DLT de chuid cliant dá dtagraítear in Airteagal 7(5);
|
|
(f)
|
tuairisc ar na socruithe chun cosaint infheisteoirí a áirithiú agus tuairisc ar na sásraí chun gearáin agus sásamh ó chliaint a láimhseáil, dá dtagraítear in Airteagal 7(6), an dara fomhír;
|
|
(g)
|
straitéis aistrithe an iarratasóra; agus
|
|
(h)
|
an díolúine atá á hiarraidh ag an iarratasóir faoi Airteagal 5, an t-údar cuí a bhaineann le gach díolúine atá á hiarraidh agus aon bheart cúiteach a mholtar agus na modhanna atá beartaithe ag an iarratasóir chun na coinníollacha a ghabhann leis na díolúintí sin a chomhlíonadh.
|
|
|
Airteagal 9 5
|
5. Faoin 23 Márta 2023, forbróidh ESMA treoirlínte chun foirmeacha, formáidí agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú chun críocha mhír 4.
|
|
Airteagal 9 6
|
6. Laistigh de 30 lá oibre ón dáta a fhaightear iarratas ar chead sonrach chun SS DLT a oibriú, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú i dtaobh an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe. Mura mbeidh an t-iarratas comhlánaithe, leagfaidh an t-údarás inniúil teorainn ama síos faoina gcaithfidh an t-iarratasóir an fhaisnéis atá ar iarraidh nó aon fhaisnéis bhreise a sholáthar. Cuirfidh an t-údarás inniúil an t-iarratasóir ar an eolas nuair a mheasfar an t-iarratas a bheith comhlánaithe.
A luaithe a mheasfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil an t-iarratas comhlánaithe, cuirfidh sé cóip den iarratas sin chuig:
|
(b)
|
na húdaráis ábhartha a shonraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.
|
|
|
Airteagal 9 7
|
7. I gcás inar gá sin chun comhsheasmhacht agus comhréireacht díolúintí a chur chun cinn, nó i gcás inar gá sin chun cosaint infheisteoirí, sláine margaidh agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, soláthróidh ESMA tuairim neamhcheangailteach don údarás inniúil maidir leis na díolúintí arna n-iarraidh nó maidir le leormhaitheas chineál na teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáidtear chun críocha an Rialacháin seo, laistigh de 30 lá féilire ón uair a gheobhaidh sé an chóip den iarratas sin.
Sula n-eiseoidh sé tuairim neamhcheangailteach, rachaidh ESMA i gcomhairle le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus cuirfidh sé a dtuairimí go mór san áireamh agus a thuairim á heisiúint aige.
I gcás ina n-eiseoidh ESMA tuairim neamhcheangailteach, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird chuí ar an tuairim sin agus tabharfaidh sé ráiteas do ESMA maidir le haon imeacht suntasach ón tuairim sin má iarrann ESMA amhlaidh. Ní dhéanfar tuairim ESMA ná ráiteas an údaráis inniúil a phoibliú.
Tabharfaidh na húdaráis ábhartha a shonraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 tuairim neamhcheangailteach don údarás inniúil maidir leis na gnéithe de SS DLT a oibríonn an t-iarratasóir laistigh de 30 lá féilire tar éis dóibh cóip den iarratas sin a fháil.
|
|
Airteagal 9 8
|
8. Faoin 24 Márta 2025, forbróidh ESMA treoirlínte chun comhsheasmhacht agus comhréireacht na nithe seo a leanas a chur chun cinn:
|
(a)
|
díolúintí a dheonaítear do CSDanna a oibríonn SSanna DLT ar fud an Aontais, lena n-áirítear i gcomhthéacs meastóireacht a dhéanamh ar leormhaitheas na gcineálacha éagsúla teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáideann oibreoirí chun críocha an Rialacháin seo; agus
|
|
(b)
|
feidhmiú na rogha dá bhforáiltear in Airteagal 3(6).
|
Áiritheofar leis na treoirlínte sin cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais.
Déanfaidh ESMA na treoirlínte sin a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil.
|
|
Airteagal 9 9
|
9. Laistigh de 90 lá oibre ón dáta a fhaightear iarratas ar chead sonrach chun SS DLT a oibriú, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an iarratas agus cinnfidh sé i dtaobh an ndeonófar an cead sonrach. I gcás ina ndéanfaidh iarratasóir iarratas go comhuaineach ar údarú mar CSD de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus ar chead sonrach faoin Rialachán seo, féadfar ré an mheasúnaithe a fhadú go ceann tréimhse bhreise suas go dtí an ré dá bhforáiltear in Airteagal 17(8) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.
|
|
Airteagal 9 10
|
10. Gan dochar d’Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, diúltóidh an t-údarás inniúil cead sonrach chun SS DLT a oibriú faoin Rialachán sin má tá forais ann chun an méid seo a leanas a chreidiúint:
|
(a)
|
gur ann do rioscaí suntasacha do chosaint infheisteoirí, do shláine an mhargaidh nó do chobhsaíocht airgeadais nach bhfuil aghaidh tugtha ag an iarratasóir orthu ná maolaithe mar is ceart aige;
|
|
(b)
|
go bhfuil cead sonrach chun SS DLT a oibriú agus na díolúintí iarrtha á lorg chun dul timpeall ar cheanglais dhlíthiúla nó rialála; nó
|
|
(c)
|
nach mbeidh an CSD in ann na forálacha is infheidhme de dhlí an Aontais nó le forálacha den dlí náisiúnta nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais a chomhlíonadh nó nach lamhálfaidh sé dá úsáideoirí na forálacha sin a chomhlíonadh.
|
|
|
Airteagal 9 11
|
11. Beidh cead sonrach bailí ar fud an Aontais ar feadh tréimhse suas le sé bliana ó dháta na heisiúna. Sonrófar sa chead sonrach na díolúintí a dheonaítear i gcomhréir le hAirteagal 5, aon bhearta cúitimh agus aon tairseacha níos ísle arna socrú ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 3(6).
Cuirfidh an t-údarás inniúil ESMA agus na húdaráis ábhartha a shonraítear i mír 7 den Airteagal sin ar an eolas gan mhoill maidir le cead sonrach a thabhairt, a dhiúltú nó a tharraingt siar faoin Airteagal seo, lena n-áirítear aon fhaisnéis a shonraítear faoin gcéad fhomhír den mhír sin.
Foilseoidh ESMA ar a shuíomh gréasáin:
|
(a)
|
liosta de SSanna DLT, dátaí tosaithe agus críochnaithe na gceadanna sonracha, liosta na ndíolúintí a dheonaítear do gach ceann díobh, agus aon tairseacha níos ísle a leagann na húdaráis inniúla síos do gach ceann díobh; agus
|
|
(b)
|
líon iomlán na n-iarratas ar dhíolúintí a rinneadh faoi Airteagal 5, ina sonraítear líon agus cineálacha na ndíolúintí a ghlactar nó a dhiúltaítear, in éineacht leis na boinn chirt d’aon diúltuithe.
|
Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) den tríú fomhír, ar bhonn anaithnid.
|
|
Airteagal 9 12
|
12. Gan dochar d’Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, tarraingeoidh an t-údarás inniúil siar cead sonrach nó aon díolúintí gaolmhara siar i gcás:
|
(a)
|
inar aimsíodh locht i bhfeidhmiú chineál na teicneolaíochta mórleabhar dáilte nó sna seirbhísí agus sna gníomhaíochtaí arna soláthar ag CSD a oibríonn SS DLT ar baol é do chosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh, nó cobhsaíocht airgeadais, agus gur mó é an baol ná sochair na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí faoi thástáil;
|
|
(b)
|
inar sháraigh CSD a oibríonn SS DLT na coinníollacha a bhaineann leis na díolúintí;
|
|
(c)
|
inar admhaigh oibreoir CSD a oibríonn SS DLT go raibh ionstraimí airgeadais á dtaifead aige nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1);
|
|
(d)
|
inar sháraigh CSD a oibríonn SS DLT an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 3(2);
|
|
(e)
|
inar sháraigh CSD a oibríonn SS DLT na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus nach ndearna an straitéis aistrithe a ghníomhachtú; nó
|
|
(f)
|
ina bhfuair CSD a oibríonn SS DLT an cead sonrach nó díolúintí gaolmhara ar bhonn faisnéis mhíthreorach nó easnamh ábhartha.
|
|
|
Airteagal 9 13
|
13. I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag CSD a oibríonn SS DLT athrú ábhartha a thabhairt isteach ar fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte arna húsáid, nó ar sheirbhísí nó gníomhaíochtaí CSD sin, agus ina n-éilítear cead sonrach nua leis an athrú ábhartha sin, iarrfaidh oibreoir SS DLT cead sonrach nua, nó modhnú ar cheann amháin nó níos mó de dhíolúintí CSD den sórt sin atá ann cheana nó ar aon choinníollacha a ghabhann le díolúine, iarrfaidh CSD a oibríonn SS DLT cead, díolúine nó modhnú sonrach nua.
I gcás ina n-iarrann CSD a oibríonn SS DLT, cead nó díolúine nua le linn a ghníomhaíochta, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 5. Déanfaidh an t-údarás inniúil an iarraidh sin a phróiseáil, i gcomhréir leis an Airteagal sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|