+Airteagal 40 Maoirseacht riosca-bhunaithe
---+Airteagal 40 1
---+Airteagal 40 2
---+Airteagal 40 3
---+Airteagal 40 4
---+Airteagal 40 5
|
Airteagal 40 Maoirseacht riosca-bhunaithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 40 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na maoirseoirí cur chuige riosca-bhunaithe i bhfeidhm maidir le maoirseacht. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
|
(a)
|
beidh tuiscint shoiléir acu ar na rioscaí go dtarlódh sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta ina mBallstát;
|
|
(b)
|
déanfaidh siad measúnú ar an bhfaisnéis ábhartha uile maidir le rioscaí sonracha intíre agus idirnáisiúnta a bhaineann le custaiméirí, táirgí agus seirbhísí na n-eintiteas faoi oibleagáid;
|
|
(c)
|
déanfaidh siad minicíocht agus déine na maoirseachta ar an láthair, na maoirseachta lasmuigh den láthair agus na maoirseachta téamaí a bhunú ar phróifíl riosca na n-eintiteas faoi oibleagáid, agus ar an riosca go dtarlódh sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta sa Bhallstát sin.
|
Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh maoirseoirí cláir mhaoirseachta bhliantúla a tharraingt suas, ina gcuirfear san áireamh an t-uainiú agus na hacmhainní is gá chun freagairt go pras i gcás ina mbeadh tásca oibiachtúla suntasacha ann go ndearnadh sáruithe ar Rialacháin (AE) 2024/1624 agus (AE) 2023/1113 á sárú.
|
|
Airteagal 40 2
|
2. Faoin 10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin iad chun go nglacfaí iad. Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin leagfar amach na tagarmharcanna agus modheolaíocht chun próifíl riosca bhunúsach agus iarmharach na n-eintiteas faoi oibleagáid a mheasúnú agus a aicmiú agus minicíocht an athbhreithnithe atá le déanamh ar an bpróifíl riosca sin. Cuirfear san áireamh leis an minicíocht sin aon mhórtheagmhais nó aon mhórfhorbairtí i mbainistiú agus in oibríochtaí an eintitis faoi oibleagáid, chomh maith le cineál agus méid an ghnó.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) 2024/1620.
|
|
Airteagal 40 3
|
3. Faoin 10 Iúil 2028, eiseoidh AMLA treoirlínte chuig na maoirseoirí maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
saintréithe cur chuige rioscabhunaithe maidir le maoirseacht;
|
|
(b)
|
na bearta atá le cur ar bun laistigh de mhaoirseoirí chun maoirseacht leordhóthanach agus éifeachtach a áirithiú, lena n-áirítear chun oiliúint a chur ar a bhfoireann;
|
|
(c)
|
na bearta atá le déanamh agus maoirseacht á déanamh ar bhonn riosca-íogair.
|
I gcás inarb ábhartha, cuirfear san áireamh sna treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír torthaí na measúnuithe arna ndéanamh de bhun Airteagail 30 agus 35 de Rialachán (AE) 2024/1620.
|
|
Airteagal 40 4
|
4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na maoirseoirí san áireamh méid na lánrogha a cheadaítear don eintiteas faoi oibleagáid, agus déanfaidh siad athbhreithniú iomchuí ar na measúnuithe riosca is bun leis an lánrogha sin, agus leordhóthanacht a bheartas, a nósanna imeachta agus a rialuithe inmheánacha.
|
|
Airteagal 40 5
|
5. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoirí tuarascáil bhliantúil mhionsonraithe ar a ngníomhaíochtaí ar fáil agus go gcuirfear achoimre ar an tuarascáil sin ar fáil go poiblí. Ní bheidh faisnéis rúnda san achoimre sin agus áireofar an méid seo a leanas inti:
|
(a)
|
catagóirí na n-eintiteas faoi oibleagáid atá faoi mhaoirseacht agus líon na n-eintiteas faoi oibleagáid in aghaidh na catagóire;
|
|
(b)
|
cur síos ar na cumhachtaí a chuirtear ar iontaoibh na maoirseoirí agus ar na cúraimí a shanntar dóibh agus, i gcás inarb ábhartha, ar na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 37(4) ina mbeidh siad rannpháirteach agus, i gcás an phríomh-mhaoirseora, achoimre ar na gníomhaíochtaí comhordúcháin a rinneadh;
|
|
(c)
|
forléargas ar na gníomhaíochtaí maoirseachta a rinneadh.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|