3. Chun críocha an Airteagail seo, agus seachas i gcásanna ina mbunaítear coláistí maoirseachta AML/CFT i gcomhréir le hAirteagal 49, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na maoirseoirí airgeadais dá chéile aon fhaisnéis a theastaíonn uathu chun a gcúraimí maoirseachta a fheidhmiú, bíodh sin ar iarraidh nó ar a dtionscnamh féin. Go háirithe, malartóidh na maoirseoirí airgeadais aon fhaisnéis a d’fhéadfadh tionchar suntasach a imirt ar an measúnú ar an neamhchosaint bhunúsach nó neamhchosaint iarmharach ar riosca atá ag institiúid creidmheasa nó institiúide airgeadais i mBallstát eile, lena n-áirítear:
|
(a)
|
struchtúr dlíthiúil, rialachais agus eagraíochtúil an ghrúpa a shainaithint, lena gcumhdaítear na fochuideachtaí agus na brainsí uile;
|
|
(b)
|
faisnéis ábhartha maidir leis na húinéirí tairbhiúla agus leis an mbainistíocht shinsearach, lena n-áirítear torthaí seiceálacha cuí oiriúnacha, cibé acu a dhéantar iad faoin Treoir seo nó faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais;
|
|
(c)
|
beartais, nósanna imeachta agus rialuithe atá ar bun laistigh den ghrúpa;
|
|
(d)
|
faisnéis maidir le dícheall cuí do chustaiméirí, lena n-áirítear comhaid custaiméirí agus taifid ar idirbhearta;
|
|
(e)
|
forbairtí díobhálacha i ndáil leis an máthairghnóthas, a fhochuideachtaí nó a bhrainsí a d’fhéadfadh difear tromchúiseach a dhéanamh do chodanna eile den ghrúpa;
|
|
(f)
|
smachtbhannaí airgid a bheartaíonn maoirseoirí airgeadais a fhorchur agus bearta riaracháin a bheartaíonn maoirseoirí airgeadais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Roinn 4 den Chaibidil seo.
|
Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go mbeidh na maoirseoirí airgeadais in ann fiosrúcháin a dhéanamh, de réir a gcumhachtaí, thar ceann maoirseoir iarrthach, agus an fhaisnéis a fhaightear ó na fiosrúcháin sin a chomhroinnt, nó déanamh na bhfiosrúchán sin ag an maoirseoir iarrthach a éascú.