13. Faoin 10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin iad lena nglacadh. Sonrófar an méid seo a leanas sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin:
|
(a)
|
na coinníollacha ginearálta maidir le feidhmiú na gcoláistí maoirseachta AML/CFT san earnáil seach-airgeadais, lena n-áirítear téarmaí an chomhair idir buanchomhaltaí agus le breathnóirí, agus feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí sin;
|
|
(b)
|
an teimpléad don chomhaontú i scríbhinn atá le síniú ag maoirseoirí seach-airgeadais de bhun mhír 7;
|
|
(c)
|
coinníollacha maidir le rannpháirtíocht maoirseoirí seach-airgeadais i dtríú tíortha;
|
|
(d)
|
aon bheart breise atá le cur chun feidhme ag na coláistí nuair a áirítear institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais i ngrúpaí.
|
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) 2024/1620.