|
+Airteagal 28 1. |
Airteagal 28 1.Beidh próisis fhónta tástála struis ar bun do gach CMA lena sainaithneofar teagmhais fhéideartha nó athruithe fhéideartha ar dhálaí eacnamaíocha amach anseo a rachadh i gcion go mífhabhrach ar an CMA. Déanfaidh an CMA nó bainisteoir CMA measúnú ar an tionchar féideartha a d'fhéadfadh a bheith ag na teagmhais nó ag na hathruithe sin ar an CMA. Déanfaidh an CMA nó bainisteoir CMA tástáil struis go rialta ar chásanna féideartha éagsúla. Bunófar na tástálacha struis ar chritéir oibiachtúla agus cuirfear san áireamh iontu na héifeachtaí a bheadh ag géarchásanna inchreidte. Maidir leis na cásanna a áireofar sna tástálacha struis, cuirfear san áireamh iontu, ar a laghad, paraiméadair thagartha lena n-áirítear na tosca seo a leanas:
(a)
athruithe hipitéiseacha ar leibhéal leachtachta na sócmhainní i bpunann an CMA;
(b)
athruithe hipitéiseacha ar leibhéal an riosca creidmheasa a bhaineann leis na sócmhainní i bpunann an CMA, lena n-áirítear teagmhais chreidmheasa agus teagmhais rátála;
(c)
athruithe hipitéiseacha ar na rátaí úis agus ar na rátaí malairte;
(d)
leibhéil fuascailte hipitéiseacha;
(e)
fairsingiú nó caolú hipitéiseach ar leathnuithe idir innéacsanna arb innéacsanna iad a bhfuil rátaí úis infheistíochtaí punainne ceangailte leo;
(f)
turraingí macraishistéamacha hipitéiseacha a d'imreodh tionchar ar an ngeilleagar ina iomláine. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|