+Airteagal 54 Iarrataí ar fhaisnéis
---+Airteagal 54 1.
---+Airteagal 54 2.
---+Airteagal 54 3.
---+Airteagal 54 4.
---+Airteagal 54 5.
|
Airteagal 54 Iarrataí ar fhaisnéis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 54 1.
|
Féadfaidh ESMA, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun a dhualgais faoin Rialachán seo a chur i gcrích:
(a)
daoine a sheolann gnó an athbhreithneora sheachtraigh go héifeachtach;
(b)
comhaltaí de chomhlachtaí maoirseachta, bainistíochta nó riaracháin an athbhreithneora sheachtraigh;
(c)
comhaltaí de lucht bainistíochta sinsearaí an athbhreithneora sheachtraigh;
(d)
aon duine a bhfuil baint dhíreach aige nó aici le gníomhaíochtaí measúnúcháin an athbhreithneora sheachtraigh;
(e)
ionadaithe dlíthiúla agus fostaithe eintiteas a ndearna athbhreithneoir seachtrach feidhmeanna áirithe a sheachfhoinsiú chucu i gcomhréir le hAirteagal 33;
(f)
daoine atá bainteach nó nasctha go dlúth agus go substaintiúil ar shlí eile leis an bpróiseas maidir leis an athbhreithneoir seachtrach a bhainistiú, lena n-áirítear scairshealbhóirí ag a bhfuil 10 % ar a laghad de chaipiteal nó de chearta vótála an athbhreithneora sheachtraigh nó i gcuideachta a bhfuil sé de chumhacht aici rialú nó tionchar ceannasach a fheidhmiú ar an athbhreithneoir seachtrach;
(g)
aon duine a ghníomhaíonn mar athbhreithneoir seachtrach, nó a mhaíonn gur athbhreithneoir seachtrach é, gan bheith cláraithe mar athbhreithneoir seachtrach, agus aon duine a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) thar ceann duine den sórt sin.
|
|
Airteagal 54 2.
|
Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á seoladh faoi mhír 1, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas:
(a)
déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b)
luafaidh sé cuspóir na hiarrata;
(c)
sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;
(d)
socróidh sé teorainn ama faoina gcaithfear an fhaisnéis a sholáthar;
(e)
déanfaidh sé an duine óna n-iarrtar an fhaisnéis a chur ar an eolas nach bhfuil aon oibleagáid ann an fhaisnéis a sholáthrach, i gcás ina dtabharfar freagra deonach ar an iarraidh sin, gur gá an fhaisnéis a sholáthrófar a bheith ceart agus ní míthreorach; agus
(f)
an fhíneáil fhéideartha dá bhforáiltear in Airteagal 60 a léiriú, i gcás inar mícheart nó míthreorach iad na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh.
|
|
Airteagal 54 3.
|
Nuair a cheanglaítear faisnéis a sholáthar le cinneadh faoi mhír 1, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas:
(a)
déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b)
luafaidh sé cuspóir na hiarrata;
(c)
sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;
(d)
socróidh sé teorainn ama faoina gcaithfear an fhaisnéis a sholáthar;
(e)
sonróidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 61 i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilítear neamhiomlán;
(f)
léireoidh sé an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 60, i gcás inar mícheart nó míthreorach iad na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh;
(g)
sonróidh sé an ceart chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh os comhair an Bhoird Achomhairc i gcomhréir le hAirteagal 58 agus Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus chun an cinneadh a chur faoi athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’) i gcomhréir le hAirteagal 60 agus Airteagal 61 den Rialachán sin.
|
|
Airteagal 54 4.
|
Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí, an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má chruthaítear an fhaisnéis a sholáthraítear a bheith neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
|
|
Airteagal 54 5.
|
Déanfaidh ESMA, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh dá dtagraítear i mír 1 a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na daoine ar a bhfuil an iarraidh nó an cinneadh sin dírithe lonnaithe nó bunaithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|