3. Féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47 chun na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, den Airteagal seo a shonrú. Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chur faoi réir na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
comhlíonadh éifeachtach ar bhonn leanúnach ag an tríú tír lena mbaineann maidir le haon choinníoll a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme sin arb é is aidhm dó caighdeáin mhaoirseachta agus rialála choibhéiseacha a áirithiú;
|
|
(b)
|
cumas ESMA na freagrachtaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a fheidhmiú go héifeachtach.
|