+Airteagal 10 Córas coibhéise
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
---+Airteagal 10 4
---+Airteagal 10 5
|
Airteagal 10 Córas coibhéise
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1
|
1. Ní bheidh soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus ar mian leis oibriú san Aontas de bhun Airteagal 2(1), pointe (b), in ann déanamh amhlaidh ach amháin i gcás ina bhfuil sé san áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 14 agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
|
(a)
|
go bhfuil an soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas údaraithe nó cláraithe mar sholáthraí rátála ESG sa tríú tír lena mbaineann agus go bhfuil sé faoi réir maoirseacht sa tríú tír sin;
|
|
(b)
|
go bhfuil fógra tugtha ag an soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas do ESMA gur mian leis oibriú san Aontas agus go ndearna sé cruthúnas ar a údarú nó ar a chlárú mar sholáthraí rátála ESG, na doiciméid is gá le haghaidh údarú nó clárú den sórt sin sa tríú tír lena mbaineann a chur faoi bhráid ESMA, chomh maith le hainm an údaráis inniúil tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh air, agus go bhfuil deimhniú faighte aige ó ESMA a mhéid a bhaineann le hiomláine na faisnéise a soláthraíodh;
|
|
(c)
|
go bhfuil cinneadh coibhéise glactha ag an gCoimisiún de bhun mhír 2;
|
|
(d)
|
go bhfuil na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 4 i bhfeidhm.
|
|
|
Airteagal 10 2
|
2. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh coibhéise a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme lena sonraítear go n-áirithítear an méid seo a leanas le creat dlíthiúil agus cleachtas maoirseachta tríú tír:
|
(a)
|
go gcomhlíonann soláthraithe rátála ESG atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin ceanglais cheangailteacha atá coibhéiseach le ceanglais an Rialacháin seo;
|
|
(b)
|
go bhfuil comhlíonadh na gceanglas ceangailteach dá dtagraítear i bpointe (a) faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin.
|
Déanfar gníomh cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48.
|
|
Airteagal 10 3
|
3. Féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47 chun na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, den Airteagal seo a shonrú. Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chur faoi réir na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
comhlíonadh éifeachtach ar bhonn leanúnach ag an tríú tír lena mbaineann maidir le haon choinníoll a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme sin arb é is aidhm dó caighdeáin mhaoirseachta agus rialála choibhéiseacha a áirithiú;
|
|
(b)
|
cumas ESMA na freagrachtaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a fheidhmiú go héifeachtach.
|
|
|
Airteagal 10 4
|
4. Bunóidh ESMA socruithe comhair leis na húdaráis inniúla tríú tír ar aithníodh go bhfuil a gcreat dlí agus a gcleachtais mhaoirseachta coibhéiseach i gcomhréir le mír 2. Sonrófar leis na socruithe sin an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a)
|
an sásra chun faisnéis a mhalartú ar bhonn tráthrialta agus ad hoc idir ESMA agus na húdaráis inniúla tríú tír lena mbaineann, lena n-áirítear rochtain ar an bhfaisnéis ábhartha uile a iarrann EMSA maidir leis an soláthraí rátála ESG atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin;
|
|
(b)
|
an sásra chun fógra pras a thabhairt do ESMA i gcás ina measann údarás inniúil tríú tír i dtaca leis an soláthraí rátála ESG atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin agus faoi mhaoirseacht ag an údarás inniúil tríú tír sin go bhfuil na coinníollacha a bhaineann le húdarú nó le clárú an tsoláthraí rátála ESG á sárú ag an soláthraí sin, nó go bhfuil forálacha eile den dlí náisiúnta sa tríú tír sin á shárú aige;
|
|
(c)
|
na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta, lena n-áirítear cigireachtaí ar an láthair;
|
|
(d)
|
an sásra chun fógra pras a thabhairt do ESMA i gcás ina ndéanann údarás inniúil tríú tír aon ghníomhaíochtaí rialála nó maoirseachta i ndáil leis an soláthraí rátála ESG atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin, lena n-áirítear aon athrú a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme a bheith á gcomhlíonadh go leanúnach ag an soláthraí rátála ESG;
|
|
(e)
|
an sásra chun fógra pras a thabhairt don údarás inniúil tríú tír i gcás ina n-eisíonn ESMA fógra poiblí i gcomhréir le hAirteagal 35 chuig an soláthraí rátála ESG atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin.
|
Chun críche na chéad fhomhíre den mhír seo, i gcás ina gcuirtear ESMA ar an eolas nach gcomhlíonann soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas na coinníollacha a thuilleadh chun bheith údaraithe nó cláraithe ina thríú thír údaraithe nó clárúcháin, bainfidh ESMA é den chlár dá dtagraítear in Airteagal 14.
|
|
Airteagal 10 5
|
5. Chun críoch mhír 1, pointe (b), déanfaidh ESMA measúnú i dtaobh an bhfuil an fhaisnéis iomlán laistigh de 20 lá oibre ón bhfaisnéis a fháil. Má mheasann ESMA an fhaisnéis a bheith neamhiomlán, déanfaidh ESMA spriocdháta a leagan síos faoina mbeidh ar an soláthraí rátála ESG aon fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar. A luaithe a mheasfaidh sé go bhfuil an aighneacht iomlán, cuirfidh ESMA an soláthraí rátála ESG ar an eolas faoi thoradh an phróisis tráth nach déanaí ná 60 lá oibre ó dháta an chéad fhógra.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|