+Session Management
|
Session Management
Enforce procedures to limit, lock, and terminate system and remote sessions after a predefined period of inactivity.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Rialacháin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Rialacháin ghaolmhara
Rialacháin
| Foinse |
Rialáil |
|
EULAW
|
Airteagal 9 4
4. Mar chuid de chreat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear in Airteagal 6(1), déanfaidh eintitis airgeadais na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
beartas slándála faisnéise a fhorbairt agus a dhoiciméadú lena sainítear rialacha chun infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí, sócmhainní faisnéise agus sócmhainní TFC, lena n-áirítear cinn a gcustaiméirí, a chosaint, i gcás inarb infheidhme;
|
|
(b)
|
i gcomhréir le cur chuige bunaithe ar riosca, struchtúr bainistíochta fónta gréasáin agus bonneagair a bhunú trí úsáid a bhaint as teicnící, modhanna agus prótacail iomchuí ar a bhféadfar a áireamh sásraí uathoibrithe a chur chun feidhme chun sócmhainní faisnéise, a ndearnadh difear dóibh, a scaradh amach i gcás cibirionsaithe;
|
|
(c)
|
beartais a chur i bhfeidhm lena ndéantar an rochtain fhisiciúil nó loighciúil ar shócmhainní faisnéise agus sócmhainní TFC a theorannú dá bhfuil riachtanach le haghaidh feidhmeanna agus gníomhaíochtaí dlisteanacha formheasta amháin, agus sraith beartas, nósanna imeachta agus rialuithe a bhunú chuige sin lena dtugtar aghaidh ar chearta rochtana agus lena n-áirithítear riarachán fónta orthu sin;
|
|
(d)
|
beartais agus prótacail le haghaidh sásraí láidre fíordheimhnithe a chur chun feidhme, bunaithe ar chaighdeáin ábhartha agus ar chórais thiomnaithe rialuithe, agus bearta cosanta i ndáil le heochracha cripteagrafacha trína ndéantar sonraí a chriptiú bunaithe ar thorthaí próiseas formheasta aicmithe sonraí agus measúnaithe riosca TFC;
|
|
(e)
|
beartais, nósanna imeachta agus rialuithe doiciméadaithe a chur chun feidhme le haghaidh bainistíocht athruithe TFC, lena n-áirítear athruithe ar bhogearraí, crua-earraí, comhpháirteanna dochtearraí, paraiméadair ar chórais nó paraiméadair slándála, atá bunaithe ar chur chuige measúnaithe riosca agus mar chuid dhílis de phróiseas foriomlán bainistíochta athruithe an eintitis airgeadais, chun a áirithiú go ndéanfar gach athrú ar chórais TFC a thaifeadadh, a thástáil, a mheasúnú, a fhormheas, a chur chun feidhme agus a fhíorú ar bhealach rialaithe;
|
|
(f)
|
beartais iomchuí chuimsitheacha dhoiciméadaithe a bheith acu maidir le paistí agus nuashonruithe.
|
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), ceapfaidh eintitis airgeadais an bonneagar nasctha gréasáin ar bhealach lenar féidir é a ghearradh ar an toirt nó a dheighilt chun tógálacht a íoslaghdú agus a chosc, go háirithe i gcás próisis airgeadais idirnasctha.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (e), déanfar próiseas bainistíochta athruithe TFC a fhormheas ag línte bainistíochta iomchuí agus beidh prótacail shonracha i bhfeidhm aige.
|
|
EULAW
|
Airteagal 12 4
4. Coinneoidh eintitis airgeadais, nach micrifhiontair iad, acmhainneachtaí iomarcacha TFC ar bun a mbeidh acmhainní, cumais agus feidhmeanna acu a bheidh leordhóthanach agus iomchuí chun riachtanais ghnó a áirithiú. Measúnóidh micrifhiontair a riachtanaí atá sé acmhainneachtaí iomarcacha TFC den chineál sin a chothabháil bunaithe ar a bpróifíl riosca.
|
|
EULAW
|
Airteagal 13 Bainistiú slándála gréasáin
Airteagal 13
Bainistiú slándála gréasáin
Mar chuid de na coimircí lena n-áirithítear slándáil gréasán in aghaidh ionraí agus mí-úsáid sonraí, déanfaidh eintitis airgeadais beartais, nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí bainistithe slándála gréasáin a fhorbairt, a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:
(a)
córais agus gréasáin TFC a leithscaradh agus a dheighilt, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh:
(i)
criticiúlacht nó tábhacht na feidhme a dtacaíonn na córais agus na gréasáin TFC sin léi;
(ii)
an t-aicmiú a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2022/2554;
(iii)
próifíl riosca fhoriomlán sócmhainní TFC a úsáideann na córais agus na gréasáin TFC sin;
(b)
naisc ghréasáin agus sreabha sonraí uile an eintitis airgeadais a dhoiciméadú;
(c)
gréasán scartha tiomnaithe a úsáid chun sócmhainní TFC a riar;
(d)
rialuithe rochtana gréasáin a shainaithint agus a chur chun feidhme chun naisc a dhéanfaidh aon ghaireas nó córas neamhúdaraithe le gréasán an eintitis airgeadais, nó a dhéanfaidh aon chríochphointe nach gcomhlíonann ceanglais slándála an eintitis airgeadais, a chosc agus a bhrath;
(e)
criptiú a dhéanamh ar naisc ghréasáin a théann trí ghréasáin chorparáide, gréasáin phoiblí, gréasáin tí, gréasáin tríú páirtí agus gréasáin gan sreang, le haghaidh na bprótacal cumarsáide a úsáidtear, agus torthaí an aicmithe sonraí fhormheasta, torthaí an mheasúnaithe riosca TFC agus an criptiú ar naisc ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) á gcur san áireamh;
(f)
gréasáin a dhearadh i gcomhréir leis na ceanglais slándála TFC arna leagan síos ag an eintiteas airgeadais, agus cleachtais atá chun tosaigh á gcur san áireamh chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht an ghréasáin a áirithiú;
(g)
trácht gréasáin idir na gréasáin inmheánacha agus an t-idirlíon agus naisc sheachtracha eile a dhaingniú;
(h)
na róil, na freagrachtaí agus na céimeanna a shainaithint chun rialacha maidir le balla dóiteáin agus scagairí nasc a shonrú, a chur chun feidhme, a fhormheas, a athrú agus a athbhreithniú;
(i)
athbhreithnithe a dhéanamh uair amháin sa bhliain, agus go tréimhsiúil i gcás micrifhiontar, ar ailtireacht líonraí agus ar an dearadh slándála gréasáin chun leochaileachtaí féideartha a bhrath;
(j)
na bearta chun fo-ghréasáin, agus comhpháirteanna agus gairis ghréasáin, a leithlisiú go sealadach i gcás inar gá;
(k)
bunlíne cumraíochta sláine gach comhpháirte gréasáin a chur chun feidhme, agus an gréasán agus gairis ghréasáin a chruachan i gcomhréir le haon treoir ón díoltóir agus, i gcás inarb infheidhme, le caighdeáin a shainítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, agus le cleachtais atá chun tosaigh;
(l)
na nósanna imeachta chun seisiúin chórais agus chianda a theorannú, a ghlasáil agus a chríochnú tar éis tréimhse shonraithe neamhghníomhaíochta;
(m)
i gcás comhaontuithe seirbhísí gréasáin:
(i)
bearta slándála faisnéise agus TFC, leibhéil seirbhíse agus ceanglais bhainistíochta na seirbhísí gréasáin uile a shainaithint agus a shonrú;
(ii)
cé acu soláthraí seirbhísí TFC inghrúpa nó soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a sholáthraíonn na seirbhísí sin.
Chun críocha phointe (h), déanfaidh eintitis airgeadais an t-athbhreithniú ar rialacha maidir le balla dóiteáin agus scagairí nasc ar bhonn tráthrialta i gcomhréir leis an aicmiú a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2022/2554 agus le próifíl riosca fhoriomlán na gcóras TFC lena mbaineann. I gcás córais TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, fíoróidh eintitis airgeadais gach 6 mhí ar a laghad go bhfuil na rialacha atá ann cheana maidir le balla dóiteáin agus scagairí nasc leordhóthanach.
|
|