+Annual Framework Review and Audit Process
|
Annual Framework Review and Audit Process
The effectiveness of the risk management framework is monitored based on the risk exposure over time to critical or important business functions. Implement a reviewing and auditing process, with a minimum yearly review of the framework, triggered by major ICT incidents, regulator instructions, or major audit findings.
The tasks of verifying compliance with ICT risk management requirements may be outsourced to intra-group or external undertakings. In case of such outsourcing, the financial entity remains fully responsible for the verification of compliance with the ICT risk management requirements.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Rialacháin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Rialacháin ghaolmhara
Rialacháin
| Foinse |
Rialáil |
|
EULAW
|
Airteagal 6 1
1. Beidh creat bainistíochta riosca TFC atá fónta, cuimsitheach agus dea-dhoiciméadaithe ag eintitis airgeadais mar chuid dá gcóras foriomlán bainistíochta riosca, rud a chuireann ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar riosca TFC go tapa, go héifeachtach agus go cuimsitheach agus ardleibhéal athléimneachta digití oibríochtúla a áirithiú.
|
|
EULAW
|
Airteagal 6 2
2. Áireofar ar chreat bainistíochta riosca TFC ar a laghad straitéisí, beartais, nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí TFC atá riachtanach chun an chosaint chuí leordhóthanach a thabhairt do na sócmhainní faisnéise agus sócmhainní TFC uile, lena n-áirítear bogearraí, crua-earraí agus freastalaithe ríomhairí, agus chun cosaint a thabhairt do na comhpháirteanna agus na bonneagair ábhartha fhisiciúla uile, amhail áitribh, lárionaid sonraí agus limistéir ainmnithe íogaire, chun a áirithiú go mbeidh cosaint leordhóthanach ag na sócmhainní faisnéise agus sócmhainní TFC go léir ar rioscaí lena n-áirítear damáiste agus rochtain nó úsáid neamhúdaraithe.
|
|
EULAW
|
Airteagal 6 3
3. I gcomhréir lena gcreat bainistíochta riosca TFC, déanfaidh eintitis airgeadais tionchar riosca TFC a íoslaghdú trí leas a bhaint as straitéisí, beartais, nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí TFC iomchuí. Soláthróidh siad faisnéis iomlán atá cothrom le dáta maidir le riosca TFC agus maidir lena gcreat bainistíochta riosca TFC do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh.
|
|
EULAW
|
Airteagal 6 4
4. Déanfaidh eintitis airgeadais, nach micrifhiontair iad, an fhreagracht as bainistiú agus maoirseacht a dhéanamh ar riosca TFC a shannadh d’fheidhm rialaithe agus áiritheoidh siad leibhéal iomchuí neamhspleáchas na feidhme rialaithe sin chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint. Áiritheoidh eintitis airgeadais leithscaradh agus neamhspleáchas iomchuí fheidhmeanna bainistíochta riosca TFC, feidhmeanna rialála, agus feidhmeanna iniúchta inmheánaigh, de réir na samhla ‘trí phríomhchosaint’, nó de réir samhail inmheánach bainistíochta riosca agus rialála.
|
|
EULAW
|
Airteagal 6 5
5. Déanfar creat bainistíochta riosca TFC a dhoiciméadú agus a athbhreithniú aon uair amháin sa bhliain ar a laghad, nó go tréimhsiúil i gcás micrifhiontar agus i gcás aon mhórtheagmhais a bhaineann le TFC, agus tar éis treoracha maoirseachta nó conclúidí a thagann as tástáil ábhartha maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil nó próisis iniúchóireachta ábhartha. Cuirfear feabhas leanúnach ar an gcreat ar bhonn na gceachtanna a eascraíonn as cur chun feidhme agus faireachán. Cuirfear tuarascáil ar an athbhreithniú ar chreat bainistíochta riosca TFC faoi bhráid an údaráis inniúil arna iarraidh sin dó.
|
|
EULAW
|
Airteagal 6 7
7. Bunaithe ar na conclúidí ón athbhreithniú inmheánach ar an iniúchadh, bunóidh na heintiteas airgeadais próiseas foirmiúil leantach, lena n-áirítear rialacha maidir le fíorú agus réiteach tráthúil torthaí criticiúla ó iniúchadh TFC.
|
|
EULAW
|
Airteagal 6 9
9. Féadfaidh na heintitis airgeadais, i gcomhthéacs na straitéise athléimneachta digití oibríochtúla dá dtagraítear i mír 8, straitéis iomlánaíoch ildíoltóirí TFC a shainiú, ar leibhéal grúpa nó leibhéal eintiteas, ina léirítear na príomhspleáchais ar sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí agus ina mínítear an réasúnaíocht ba bhun leis an meascán soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí ó thaobh soláthair de.
|
|
EULAW
|
Airteagal 6 10
10. Féadfaidh eintitis airgeadais, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí earnála náisiúnta, na tascanna maidir le fíorú a dhéanamh ar chomhlíontacht na gceanglas bainistíochta riosca TFC a sheachfhoinsiú chuig gnóthais inghrúpa nó sheachtracha. I gcás seachfhoinsithe den sórt sin, leanfaidh an t-eintiteas airgeadais de bheith freagrach go hiomlán as comhlíonadh na gceanglas maidir le bainistíocht riosca TFC a fhíorú.
|
|
EULAW
|
Airteagal 8 1
1. Mar chuid den chreat bainistíochta rioscaí TFC dá dtagraítear in Airteagal 6(1), déanfaidh eintitis airgeadais gach feidhm thacaithe ghnó TFC, róil agus freagrachtaí, na sócmhainní faisnéise agus na sócmhainní TFC lena dtacaítear leis na feidhmeanna sin, agus a róil agus a spleáchais maidir le riosca TFC a shainaithint, a aicmiú agus a dhoiciméadú go leordhóthanach. Déanfaidh eintitis airgeadais athbhreithniú de réir mar is gá, agus uair sa bhliain ar a laghad, ar leordhóthanacht an aicmiúcháin sin chomh maith le haon doiciméadacht ábhartha.
|
|
EULAW
|
Airteagal 9 1
1. Chun cosaint leordhóthanach a thabhairt do chórais TFC agus d’fhonn bearta freagartha a eagrú, déanfaidh eintitis airgeadais faireachán agus rialú leanúnach ar shlándáil agus feidhmiú córas agus uirlisí TFC agus íoslaghdóidh siad tionchar riosca TFC i dtaca le córais TFC trí leas a bhaint as uirlisí, beartais agus nósanna imeachta slándála TFC iomchuí.
|
|
EULAW
|
Airteagal 9 4
4. Mar chuid de chreat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear in Airteagal 6(1), déanfaidh eintitis airgeadais na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
beartas slándála faisnéise a fhorbairt agus a dhoiciméadú lena sainítear rialacha chun infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí, sócmhainní faisnéise agus sócmhainní TFC, lena n-áirítear cinn a gcustaiméirí, a chosaint, i gcás inarb infheidhme;
|
|
(b)
|
i gcomhréir le cur chuige bunaithe ar riosca, struchtúr bainistíochta fónta gréasáin agus bonneagair a bhunú trí úsáid a bhaint as teicnící, modhanna agus prótacail iomchuí ar a bhféadfar a áireamh sásraí uathoibrithe a chur chun feidhme chun sócmhainní faisnéise, a ndearnadh difear dóibh, a scaradh amach i gcás cibirionsaithe;
|
|
(c)
|
beartais a chur i bhfeidhm lena ndéantar an rochtain fhisiciúil nó loighciúil ar shócmhainní faisnéise agus sócmhainní TFC a theorannú dá bhfuil riachtanach le haghaidh feidhmeanna agus gníomhaíochtaí dlisteanacha formheasta amháin, agus sraith beartas, nósanna imeachta agus rialuithe a bhunú chuige sin lena dtugtar aghaidh ar chearta rochtana agus lena n-áirithítear riarachán fónta orthu sin;
|
|
(d)
|
beartais agus prótacail le haghaidh sásraí láidre fíordheimhnithe a chur chun feidhme, bunaithe ar chaighdeáin ábhartha agus ar chórais thiomnaithe rialuithe, agus bearta cosanta i ndáil le heochracha cripteagrafacha trína ndéantar sonraí a chriptiú bunaithe ar thorthaí próiseas formheasta aicmithe sonraí agus measúnaithe riosca TFC;
|
|
(e)
|
beartais, nósanna imeachta agus rialuithe doiciméadaithe a chur chun feidhme le haghaidh bainistíocht athruithe TFC, lena n-áirítear athruithe ar bhogearraí, crua-earraí, comhpháirteanna dochtearraí, paraiméadair ar chórais nó paraiméadair slándála, atá bunaithe ar chur chuige measúnaithe riosca agus mar chuid dhílis de phróiseas foriomlán bainistíochta athruithe an eintitis airgeadais, chun a áirithiú go ndéanfar gach athrú ar chórais TFC a thaifeadadh, a thástáil, a mheasúnú, a fhormheas, a chur chun feidhme agus a fhíorú ar bhealach rialaithe;
|
|
(f)
|
beartais iomchuí chuimsitheacha dhoiciméadaithe a bheith acu maidir le paistí agus nuashonruithe.
|
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), ceapfaidh eintitis airgeadais an bonneagar nasctha gréasáin ar bhealach lenar féidir é a ghearradh ar an toirt nó a dheighilt chun tógálacht a íoslaghdú agus a chosc, go háirithe i gcás próisis airgeadais idirnasctha.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (e), déanfar próiseas bainistíochta athruithe TFC a fhormheas ag línte bainistíochta iomchuí agus beidh prótacail shonracha i bhfeidhm aige.
|
|
EULAW
|
Airteagal 11 1
1. Mar chuid de chreat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus bunaithe ar na ceanglais sainaitheantais a leagtar amach in Airteagal 8, cuirfidh eintitis airgeadais beartas cuimsitheach leanúnachais gnó TFC i bhfeidhm, a d’fhéadfaí a ghlacadh mar bheartas tiomnaithe sonrach mar chuid lárnach de bheartas foriomlán leanúnachais gnó é.
|
|
EULAW
|
Airteagal 11 3
3. Mar chuid de chreat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear in Airteagal 6(1), cuirfidh eintitis airgeadais pleananna TFC freagartha agus athshlánaithe gaolmhara chun feidhme a chuirfear, i gcás eintitis airgeadais nach micrifhiontair iad, faoi réir athbhreithnithe iniúchta inmheánaigh neamhspleách.
|
|
EULAW
|
Airteagal 11 6
6. Mar chuid dá mbainistíocht chuimsitheach riosca TFC, déanfaidh eintitis airgeadais na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
pleananna leanúnachais gnó TFC agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC a thástáil i ndáil le córais TFC lena dtacaítear leis na feidhmeanna uile ar bhonn bliantúil ar a laghad, agus i gcás aon mhórathruithe ar chórais TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha;
|
|
(b)
|
tástáil ar na pleananna cumarsáide géarchéime a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 14.
|
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), áireoidh eintitis airgeadais, nach micrifhiontair iad, sna pleananna tástála faoi chásanna cibirionsaithe agus lascaistrithe idir príomhbhonneagar TFC agus an acmhainneacht iomarcach, cúltacaí agus saoráidí iomarcacha is gá chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 12 a chomhlíonadh.
Athbhreithneoidh eintitis airgeadais a mbeartas leanúnachais gnó TFC agus a bpleananna freagartha agus athshlánaithe TFC go tráthrialta agus torthaí na dtástálacha, arna ndéanamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus le moltaí a eascraíonn as seiceálacha iniúchta nó athbhreithnithe maoirseachta, á gcur san áireamh.
|
|
EULAW
|
Airteagal 12 1
1. Chun a áirithiú go n-athbhunófar córais agus sonraí TFC agus aga neamhfhónaimh íosta, briseadh agus caillteanas teoranta i gceist leo, mar chuid dá gcreat bainistíochta riosca TFC, déanfaidh eintitis airgeadais an méid seo a leanas a fhorbairt agus a dhoiciméadú:
|
(a)
|
beartais agus nósanna imeachta cúltaca lena sonrófar raon feidhme na sonraí is ábhar don chúltaca agus íosmhinicíocht an chúltaca, bunaithe ar chriticiúlacht na faisnéise nó leibhéal rúndachta na sonraí;
|
|
(b)
|
nósanna imeachta agus modhanna athbhunaithe agus athshlánaithe.
|
|
|
EULAW
|
Airteagal 12 2
2. Bunóidh eintitis airgeadais córais chúltaca is féidir a ghníomhachtú i gcomhréir leis na beartais agus na nósanna imeachta cúltaca, chomh maith le nósanna imeachta agus modhanna athbhunaithe agus athshlánaithe. Ní chuirfear slándáil na gcóras gréasán agus faisnéise nó infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht sonraí i gcontúirt le gníomhachtú na gcóras cúltaca. Déanfar na nósanna imeachta cúltaca agus na nósanna imeachta agus modhanna athbhunaithe agus athshlánaithe a thástáil go tréimhsiúil.
|
|
EULAW
|
Airteagal 12 3
3. Nuair a bheidh sonraí cúltaca á n-athbhunú agus úsáid á baint as a gcórais féin, úsáidfidh eintitis airgeadais córais TFC a bheidh scartha go fisiciúil agus go loighciúil ó fhoinse chóras TFC. Déanfar córais TFC a chosaint go sábháilte ar aon rochtain neamhúdaraithe nó ar aon éilliú TFC agus beifear in ann na seirbhísí a bhaineann úsáid as cúltacaí córais agus sonraí a athbhunú go tráthúil mar is gá.
I gcás contrapháirtithe lárnacha, leis na pleananna athshlánaithe, déanfar na hidirbhearta ar fad a chumasaú tráth an bhriste a athshlánú ionas go mbeidh an contrapháirtí lárnach in ann leanúint de bheith ag oibriú faoi chinnteacht agus socraíocht a dhéanamh ar an dáta sceidealta.
Ina theannta sin, coimeádfaidh soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí acmhainní leordhóthanacha ar bun agus beidh saoráidí cúltaca agus athbhunaithe acu chun a seirbhísí a thairiscint agus a chothabháil i gcónaí.
|
|
EULAW
|
Airteagal 13 3
3. Áireofar ceachtanna, a eascróidh as an tástáil athléimneachta digití oibríochtúla a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagail 26 agus 27 agus as fíortheagmhais a bhaineann le TFC, go háirithe cibirionsaithe, mar aon le dúshláin a bhíonn le sárú agus pleananna leanúnachais gnó TFC agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC á ngníomhachtú, in éineacht le faisnéis ábhartha arna malartú le contrapháirtithe agus arna measúnú le linn athbhreithnithe maoirseachta, ar bhonn leanúnach go cuí sa phróiseas measúnaithe riosca TFC. Déanfar athbhreithniú iomchuí ar chomhchodanna ábhartha den chreat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear in Airteagal 6(1) bunaithe ar na torthaí sin.
|
|
EULAW
|
Airteagal 13 5
5. Tuairisceoidh baill shinsearacha de fhoireann TFC uair sa bhliain ar a laghad don chomhlacht bainistíochta maidir leis na torthaí dá dtagraítear i mír 3 agus cuirfidh siad moltaí ar aghaidh.
|
|
EULAW
|
Airteagal 13 7
7. Déanfaidh eintitis airgeadais, nach micrifhiontair iad, faireachán ar fhorbairtí teicneolaíochta ábhartha ar bhonn leanúnach, d’fhonn tuiscint a fháil freisin ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith i gceist le húsáid na dteicneolaíochtaí nua sin ar cheanglais slándála TFC agus ar an athléimneacht dhigiteach oibríochtúil. Coimeádfaidh siad iad féin cothrom le dáta faoi phróisis bhainistíochta riosca TFC is déanaí, chun cineálacha nua cibirionsaithe nó cineálacha reatha cibirionsaithe a chomhrac ar bhealach éifeachtach.
|
|
EULAW
|
Airteagal 14 2
2. Mar chuid de chreat bainistíochta rioscaí TFC, cuirfidh eintitis airgeadais beartais chumarsáide chun feidhme don fhoireann inmheánach agus do gheallsealbhóirí seachtracha. Cuirfear san áireamh le beartais chumarsáide don fhoireann an gá le hidirdhealú a dhéanamh idir baill foirne a a ghlacann páirt i mbainistíocht rioscaí TFC, go háirithe an fhoireann atá freagrach as freagairt agus athshlánú, agus na baill foirne is gá a chur ar an eolas.
|
|
EULAW
|
Airteagal 24 1
1. Chun ullmhacht le haghaidh láimhseáil teagmhas a bhaineann le TFC a mheasúnú, chun laigí, easnaimh agus bearnaí san athléimneacht dhigiteach oibríochtúil a shainaithint, agus chun bearta ceartaitheacha a chur chun feidhme go pras, déanfaidh eintitis airgeadais, nach micrifhiontair iad, agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 4(2) á gcur san áireamh acu, clár fónta cuimsitheach tástála athléimneachta digití oibríochtúla a bhunú, a choinneáil ar bun agus a athbhreithniú mar chuid bhunúsach de chreat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear in Airteagal 6.
|
|
EULAW
|
Airteagal 28 2
2. Mar chuid dá gcreat bainistíochta riosca TFC, glacfaidh eintitis airgeadais, nach eintitis dá dtagraítear in Airteagal 16(1), an chéad fhomhír, agus nach micrifhiontair iad, straitéis maidir le riosca TFC tríú páirtí, agus déanfaidh siad athbhreithniú rialta uirthi, agus an straitéis ildíoltóra dá dtagraítear in Airteagal 6(9) á cur san áireamh, i gcás inarb infheidhme. Áireofar sa straitéis sin beartas um úsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí agus beidh feidhm ag an straitéis ar bhonn aonair agus, i gcás inarb ábhartha, ar bhonn fo-chomhdhlúite agus comhdhlúite. Déanfaidh an comhlacht bainistíochta, ar bhonn measúnú ar phróifíl riosca fhoriomlán an eintitis airgeadais agus scála agus castacht na seirbhísí gnó, athbhreithniú rialta ar na rioscaí arna sainaithint i ndáil le socruithe conarthacha maidir le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha.
|
|
EULAW
|
Airteagal 28 3
3. Mar chuid dá gcreat bainistíochta riosca TFC, coinneoidh eintitis airgeadais, ar leibhéal eintitis, agus ar leibhéal fo-chomhdhlúite agus comhdhlúite, clár faisnéise ar bun i ndáil le gach socrú conarthach maidir le húsáid seirbhísí TFC a sholáthraíonn soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí, agus tabharfaidh siad an clár sin cothrom le dáta freisin.
Déanfar na socruithe conarthacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhoiciméadú go cuí, agus idirdhealú á dhéanamh idir na socruithe sin lena gcumhdaítear seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus na socruithe nach gcumhdaítear na feidhmeanna sin leo.
Tabharfaidh eintitis airgeadais, uair sa bhliain ar a laghad, tuairisc do na húdaráis inniúla faoin líon socruithe nua maidir le húsáid seirbhísí TFC, faoi na catagóirí soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí, faoin gcineál socruithe conarthacha agus faoi na seirbhísí agus na feidhmeanna TFC atá á soláthar.
Cuirfidh eintitis airgeadais ar fáil don údarás inniúil, arna iarraidh sin, an clár faisnéise iomlán nó de réir mar a iarrtar, ranna sonraithe de, mar aon le haon fhaisnéis a mheastar gur gá í chun maoirseacht éifeachtach ar an eintiteas airgeadais a chumasú.
Cuirfidh eintitis airgeadais an t-údarás inniúil ar an eolas faoi aon socrú conarthach pleanáilte maidir le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha go tráthúil agus nuair a bheidh feidhm tagtha chun bheith ina feidhm chriticiúil nó thábhachtach freisin.
|
|
EULAW
|
Airteagal 1 Próifíl riosca fhoriomlán agus castacht
Airteagal 1
Próifíl riosca fhoriomlán agus castacht
Agus na beartais, nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí slándála TFC dá dtagraítear i dTeideal II agus an creat bainistíochta riosca TFC simplithe dá dtagraítear i dTeideal III á bhforbairt agus á gcur chun feidhme, ba cheart méid agus próifíl riosca fhoriomlán an eintitis airgeadais, agus cineál, scála agus eilimintí castachta méadaithe nó laghdaithe a sheirbhísí, a ghníomhaíochtaí agus a oibríochtaí, a chur san áireamh, lena n-áirítear eilimintí a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
(a)
criptiú agus cripteagrafaíocht;
(b)
slándáil oibríochtaí TFC;
(d)
bainistiú tionscadal agus athruithe TFC;
(e)
an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag riosca TFC ar rúndacht, sláine agus infhaighteacht sonraí, agus ag suaití ar leanúnachas agus infhaighteacht ghníomhaíochtaí an eintitis airgeadais.
|
|
EULAW
|
Airteagal 2 1.
Áiritheoidh eintitis airgeadais go mbeidh a mbeartais slándála TFC, a slándáil faisnéise agus a nósanna imeachta, a bprótacail agus a n-uirlisí gaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2022/2554 leabaithe ina gcreat bainistíochta riosca TFC. Bunóidh eintitis airgeadais na beartais, nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí slándála TFC a leagtar síos sa Chaibidil seo arb amhlaidh na nithe seo a leanas ina leith:
(a)
áirithíonn siad an tslándáil gréasán;
(b)
tá coimircí iontu in aghaidh ionraí agus mí-úsáid sonraí;
(c)
caomhnaíonn siad infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí, lena n-áirítear trí theicnící cripteagrafacha a úsáid;
(d)
ráthaíonn siad go dtarchuirfear sonraí go cruinn agus go pras gan suaití móra ná moilleanna míchuí.
|
|
EULAW
|
Airteagal 2 2.
Áiritheoidh eintitis airgeadais gurb amhlaidh na nithe seo a leanas maidir leis na beartais slándála TFC dá dtagraítear i mír 1:
(a)
tá siad ailínithe le cuspóirí slándála faisnéise an eintitis airgeadais a áirítear sa straitéis athléimneachta digití oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 6(8) de Rialachán (AE) 2022/2554;
(b)
léirítear leo an dáta a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta na beartais slándála TFC go foirmiúil;
(c)
tá táscairí agus bearta iontu chun:
(i)
faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeartas, na nósanna imeachta, na bprótacal agus na n-uirlisí slándála TFC;
(ii)
eisceachtaí ar an gcur chun feidhme sin a thaifeadadh
(iii)
a áirithiú go n-áirithítear athléimneacht dhigiteach oibríochtúil an eintitis airgeadais i gcás eisceachtaí dá dtagraítear i bpointe (ii);
(d)
sonraítear leo freagrachtaí na foirne ar gach leibhéal chun slándáil TFC an eintitis airgeadais a áirithiú;
(e)
sonraítear leo na hiarmhairtí a bheidh ag neamhchomhlíonadh fhoireann an eintitis airgeadais le beartais slándála TFC, i gcás nach mbeidh forálacha chuige sin leagtha síos i mbeartais eile de chuid an eintitis airgeadais;
(f)
liostaítear leo an doiciméadacht atá le coinneáil ar bun;
(g)
sonraítear leo na socruithe a bhaineann le deighilt na ndualgas i gcomhthéacs shamhail na dtrí bheart cosanta nó samhail rialaithe agus bainistíochta riosca inmheánach eile, mar is infheidhme, chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint;
(h)
déantar breithniú leo ar chleachtais atá chun tosaigh agus, i gcás inarb infheidhme, ar chaighdeáin mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;
(i)
sainaithnítear leo róil agus freagrachtaí chun beartais, nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí slándála TFC a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun;
(j)
déantar athbhreithniú orthu i gcomhréir le hAirteagal 6(5) de Rialachán (AE) 2022/2554;
(k)
déantar athruithe ábhartha a bhaineann leis an eintiteas airgeadais a chur san áireamh iontu, lena n-áirítear athruithe ábhartha ar ghníomhaíochtaí nó próisis an eintitis airgeadais, ar an tírdhreach cibearbhagartha, nó ar oibleagáidí dlíthiúla is infheidhme.
|
|
EULAW
|
Airteagal 3 Bainistíocht riosca TFC
Airteagal 3
Déanfaidh eintitis airgeadais beartais agus nósanna imeachta bainistíochta riosca TFC a fhorbairt, a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme ina mbeidh na nithe uile seo a leanas:
(a)
léiriú ar fhormheas an leibhéil lamháltais riosca i leith riosca TFC a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 6(8), pointe (b), de Rialachán (AE) 2022/2554;
(b)
nós imeachta agus modheolaíocht chun an measúnú riosca TFC a dhéanamh, lena sainaithnítear:
(i)
leochaileachtaí agus bagairtí a dhéanann difear, nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh, d’fheidhmeanna gnó a dtacaítear leo, do na córais TFC agus do shócmhainní TFC lena dtacaítear leis na feidhmeanna sin;
(ii)
na táscairí cainníochtúla nó cáilíochtúla chun tionchar agus dóchúlacht na leochaileachtaí agus na mbagairtí dá dtagraítear i bpointe (i) a thomhas;
(c)
an nós imeachta chun bearta láimhseála riosca TFC a shainaithint, a chur chun feidhme agus a dhoiciméadú i ndáil leis na rioscaí TFC a shainaithnítear agus a ndéantar measúnú orthu, lena n-áirítear cinneadh na mbeart láimhseála riosca TFC a bhfuil gá leo chun riosca TRC a chur i gcomhréir leis an leibhéal lamháltais riosca dá dtagraítear i bpointe (a);
(d)
i gcás na rioscaí TFC iarmharacha atá fós ann tar éis chur chun feidhme na mbeart láimhseála riosca TFC dá dtagraítear i bpointe (c):
(i)
forálacha maidir le sainaithint na rioscaí TFC iarmharacha sin;
(ii)
róil agus freagrachtaí a shannadh maidir leis na nithe seo a leanas:
(1)
glacadh le rioscaí TFC iarmharacha a sháraíonn leibhéal lamháltais riosca an eintitis airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a);
(2)
i gcás an phróisis athbhreithnithe dá dtagraítear i bpointe (iv) den phointe seo (d);
(iii)
fardal de na rioscaí TFC iarmharacha a fhorbairt, lena n-áirítear an t-údar le glacadh leo;
(iv)
forálacha maidir leis an athbhreithniú, uair amháin sa bhliain ar a laghad, ar na rioscaí TFC iarmharacha a nglactar leo, lena n-áirítear:
(1)
sainaithint aon athraithe ar na rioscaí TFC iarmharacha;
(2)
measúnú ar bhearta maolaithe atá ar fáil;
(3)
measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil na cúiseanna a thugann údar le glacadh leis na rioscaí TFC iarmharacha fós bailí agus infheidhme ar dháta an athbhreithnithe;
(e)
forálacha maidir le faireachán ar na nithe seo a leanas:
(i)
aon athrú ar an riosca TFC agus ar an tírdhreach cibearbhagartha;
(ii)
leochaileachtaí agus bagairtí inmheánacha agus seachtracha;
(iii)
riosca TFC an eintitis airgeadais lena gcumasaítear brath athruithe go pras a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá phróifíl riosca TFC;
(f)
forálacha maidir le próiseas lena n-áirithítear go gcuirfear aon athrú ar straitéis gnó agus straitéis athléimneachta digití oibríochtúla an eintitis airgeadais san áireamh.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), áiritheoidh an nós imeachta dá dtagraítear sa phointe sin:
(a)
go ndéanfar faireachán ar éifeachtacht na mbeart láimhseála riosca TFC a chuirtear chun feidhme;
(b)
go ndéanfar measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil leibhéil lamháltais riosca bhunaithe an eintitis airgeadais bainte amach;
(c)
go ndéanfar measúnú ar cé acu a rinne nó nach ndearna an t-eintiteas airgeadais gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar na bearta sin i gcás inar gá.
|
|
EULAW
|
Airteagal 8 1.
Mar chuid de na beartais, nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí slándála TFC dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2022/2554, déanfaidh eintitis airgeadais beartais agus nósanna imeachta um bainistiú oibríochtaí TFC a fhorbairt, a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme. Sonrófar leis na beartais agus na nósanna imeachta sin conas a dhéanann eintitis airgeadais a sócmhainní TFC a oibriú, a rialú agus a thabhairt ar ais, agus conas a dhéanann siad faireachán orthu, lena n-áirítear oibríochtaí TRC a dhoiciméadú.
|
|
EULAW
|
Airteagal 8 2.
Sna beartais agus nósanna imeachta um oibríochtaí TFC dá dtagraítear i mír 1 beidh na nithe uile seo a leanas:
(a)
tuairisc ar shócmhainní TFC, lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:
(i)
ceanglais maidir le córas TFC a shuiteáil, a chothabháil, a chumrú agus a dhíshuiteáil go slán;
(ii)
ceanglais maidir le bainistiú sócmhainní faisnéise a úsáideann sócmhainní TFC, lena n-áirítear a bpróiseáil agus a láimhseáil, go huathoibrithe agus de láimh ar aon;
(iii)
ceanglais maidir le córais TFC leagáide a shainaithint agus a rialú;
(b)
rialuithe agus faireachán ar chórais TFC, lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:
(i)
ceanglais maidir le córais TFC a chúltacú agus a thabhairt ar ais;
(ii)
ceanglais maidir le sceidealú, agus idirspleáchais i measc na gcóras TFC á gcur san áireamh;
(iii)
prótacail maidir le faisnéis riain iniúchta agus loga córais;
(iv)
ceanglais chun a áirithiú go n-íoslaghdófar suaití ar oibríochtaí gnó le feidhmíocht iniúchóireachta inmheánaí agus tástála eile;
(v)
ceanglais maidir le timpeallachtaí táirgthe TFC a dheighilt ó na timpeallachtaí forbartha, tástála agus neamhtháirgthe eile;
(vi)
ceanglais maidir leis an bhforbairt agus an tástáil a dhéanamh i dtimpeallachtaí atá scartha ón timpeallacht táirgthe;
(vii)
ceanglais maidir leis an bhforbairt agus an tástáil a dhéanamh i dtimpeallachtaí táirgthe;
(c)
láimhseáil earráidí a bhaineann le córais TFC, lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:
(i)
nósanna imeachta agus prótacail maidir le hearráidí a láimhseáil;
(ii)
teagmhálaithe tacaíochta agus géaraithe, lena n-áirítear teagmhálaithe tacaíochta seachtraí i gcás ina dtarlóidh fadhbanna oibríochtúla nó teicniúla gan choinne;
(iii)
nósanna imeachta um chóras TFC a atosú, a thiontú ar ais agus a athshlánú a úsáidfear i gcás ina dtiocfaidh suaitheadh ar chóras TFC.
Chun críocha phointe (b)(v), breithneofar comhpháirteanna uile na timpeallachta sa deighilt, lena n-áirítear cuntais, sonraí nó naisc, mar a cheanglaítear le hAirteagal 13 an chéad fhomhír, pointe (a). Chun críocha phointe (b)(vii), forálfar leis na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 go sainaithneofar go soiléir na cásanna ina ndéantar tástáil i dtimpeallacht táirgthe, go mbeidh na cásanna sin réasúnaithe agus nach mairfidh siad ach ar feadh tréimhsí teoranta ama, agus go bhformheasfaidh an fheidhm ábhartha iad i gcomhréir le hAirteagal 16(6). Áiritheoidh eintitis airgeadais infhaighteacht, rúndacht, sláine agus barántúlacht córas TFC agus sonraí táirgthe le linn gníomhaíochtaí forbartha agus tástála sa timpeallacht táirgthe.
|
|