+Backup Policy

Backup Policy

Define backup policies aimed at ensuring minimum downtime, limited disruption, and loss, and put in place restoration and recovery procedures. Specify the scope of the data subject to backups and the minimum frequency of backups, based on the criticality or confidentiality of data. Determine a Recovery Time Objective (RTO) and a Recovery Point Objective (RPO) based on data criticality and overall impact on market efficiency to ensure that service levels are met in extreme scenarios.

1. Forbhreathnú

Teideal Caighdeán

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Rialacháin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Rialacháin ghaolmhara

Rialacháin
Foinse Rialáil
EULAW Airteagal 12 1

1.   Chun a áirithiú go n-athbhunófar córais agus sonraí TFC agus aga neamhfhónaimh íosta, briseadh agus caillteanas teoranta i gceist leo, mar chuid dá gcreat bainistíochta riosca TFC, déanfaidh eintitis airgeadais an méid seo a leanas a fhorbairt agus a dhoiciméadú:

(a)

beartais agus nósanna imeachta cúltaca lena sonrófar raon feidhme na sonraí is ábhar don chúltaca agus íosmhinicíocht an chúltaca, bunaithe ar chriticiúlacht na faisnéise nó leibhéal rúndachta na sonraí;

(b)

nósanna imeachta agus modhanna athbhunaithe agus athshlánaithe.

EULAW Airteagal 12 2

2.   Bunóidh eintitis airgeadais córais chúltaca is féidir a ghníomhachtú i gcomhréir leis na beartais agus na nósanna imeachta cúltaca, chomh maith le nósanna imeachta agus modhanna athbhunaithe agus athshlánaithe. Ní chuirfear slándáil na gcóras gréasán agus faisnéise nó infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht sonraí i gcontúirt le gníomhachtú na gcóras cúltaca. Déanfar na nósanna imeachta cúltaca agus na nósanna imeachta agus modhanna athbhunaithe agus athshlánaithe a thástáil go tréimhsiúil.

EULAW Airteagal 12 3

3.   Nuair a bheidh sonraí cúltaca á n-athbhunú agus úsáid á baint as a gcórais féin, úsáidfidh eintitis airgeadais córais TFC a bheidh scartha go fisiciúil agus go loighciúil ó fhoinse chóras TFC. Déanfar córais TFC a chosaint go sábháilte ar aon rochtain neamhúdaraithe nó ar aon éilliú TFC agus beifear in ann na seirbhísí a bhaineann úsáid as cúltacaí córais agus sonraí a athbhunú go tráthúil mar is gá.

I gcás contrapháirtithe lárnacha, leis na pleananna athshlánaithe, déanfar na hidirbhearta ar fad a chumasaú tráth an bhriste a athshlánú ionas go mbeidh an contrapháirtí lárnach in ann leanúint de bheith ag oibriú faoi chinnteacht agus socraíocht a dhéanamh ar an dáta sceidealta.

Ina theannta sin, coimeádfaidh soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí acmhainní leordhóthanacha ar bun agus beidh saoráidí cúltaca agus athbhunaithe acu chun a seirbhísí a thairiscint agus a chothabháil i gcónaí.

EULAW Airteagal 12 6

6.   I gcás ina mbeidh an t-aga athshlánaithe agus cuspóirí na bpointí athshlánaithe á gcinneadh le haghaidh gach feidhme, cuirfidh eintitis airgeadais san áireamh cé acu an feidhm chriticiúil nó feidhm thábhachtach í mar aon leis an tionchar foriomlán féideartha ar éifeachtúlacht an mhargaidh. Áiritheofar leis na cuspóirí ama den sórt sin go mbainfear amach, i gcásanna foircneacha, na leibhéil seirbhíse chomhaontaithe.

EULAW Airteagal 12 7

7.   Agus eintitis airgeadais ag athshlánú ó theagmhas a bhaineann le TFC, déanfaidh siad na seiceálacha is gá, lena n-áirítear aon seiceálacha agus réitigh iolracha, chun a áirithiú go gcoimeádfaí an leibhéal is airde i ndáil le sláine sonraí. Déanfar na seiceálacha sin freisin agus sonraí ó gheallsealbhóirí seachtracha á n-atógáil, chun a áirithiú go mbeidh na sonraí uile comhsheasmhach idir córais.