+Project Risk Management

Project Risk Management

Perform a risk assessment of the ICT project. Conduct testing of all project management requirements, including security requirements. Establish an approval process for deploying to the production environment.

1. Forbhreathnú

Teideal Caighdeán

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Rialacháin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Rialacháin ghaolmhara

Rialacháin
Foinse Rialáil
EULAW Airteagal 15 1.
Mar chuid de na coimircí chun infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí a chaomhnú, déanfaidh eintitis airgeadais beartas um bainistiú tionscadal TFC a fhorbairt, a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme.
EULAW Airteagal 15 2.
Leis an mbeartas um bainistiú tionscadal TFC dá dtagraítear i mír 1, sonrófar na heilimintí lena n-áirithítear bainistíocht éifeachtach ar na tionscadail TFC a bhaineann le héadáil, cothabháil agus, i gcás inarb infheidhme, forbairt chórais TFC an eintitis airgeadais.
EULAW Airteagal 15 3.

Beidh na nithe uile seo a leanas sa bheartas um bainistiú tionscadal TFC dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

cuspóirí tionscadal TFC;

(b) 

rialachas tionscadal TFC, lena n-áirítear róil agus freagrachtaí;

(c) 

pleanáil, tráthchlár agus céimeanna tionscadal TFC;

(d) 

measúnú riosca ar thionscadail TFC;

(e) 

garspriocanna ábhartha;

(f) 

ceanglais maidir le bainistiú athruithe;

(g) 

tástáil ar na ceanglais uile, lena n-áirítear ceanglais slándála, agus an próiseas formheasa faoi seach i gcás ina mbeidh córas TFC á chur in úsáid sa timpeallacht táirgthe.

EULAW Airteagal 15 4.
Leis an mbeartas um bainistiú tionscadal TFC dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar go gcuirfear tionscadal TFC chun feidhme go slán trí sholáthar na faisnéise agus an tsaineolais is gá ón réimse gnó nó ó na feidhmeanna gnó dá ndéanann an tionscadal TFC difear.
EULAW Airteagal 15 5.

I gcomhréir leis an measúnú riosca ar thionscadail TFC dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), forálfar leis an mbeartas um bainistiú tionscadal TFC dá dtagraítear i mír 1 go ndéanfar bunú tionscadal TFC a dhéanann difear d’fheidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha an eintitis airgeadais, chomh maith le dul chun cinn sna tionscadail sin agus na rioscaí atá bainteach leo, a thuairisciú don chomhlacht bainistíochta mar a leanas:

(a) 

ina n-aonar nó ina gcomhiomlán, ag brath ar thábhacht agus méid na dtionscadal TFC;

(b) 

go tréimhsiúil agus, i gcás inar gá, ar bhonn teagmhais.